Timpeallacht agus Sochaí

Timpeallacht agus Sochaí

Is Réimse Foghlama éigeantach é an Timpeallacht agus an tSochaí ag Eochairchéim 3. Tá dhá shnáithe ábhair i gceist: Tíreolaíocht agus Stair. Tugann an Réimse Foghlama seo deis do dhaltaí an t-am atá thart agus mórcheisteanna timpeallachta agus sóisialta an lae inniu a fhiosrú.

Ba chóir do mhúinteoirí daltaí a spreagadh lena gcuid scileanna smaointeoireachta cruthaitheacha agus criticiúla a fhorbairt le fadhbanna tíreolaíochta a réiteach agus le fianaise na staire a luacháil.

Tá creatlach choiteann ag na riachtanais reachtúla do na snáitheanna ábhair, creatlach atá nasctha le cuspóirí an churaclaim agus leis na heochairghnéithe. Éascaíonn an chreatlach seo foghlaim chomhoibríoch agus nasctha. Spreagann sé na daltaí lena gcuid foghlama a nascadh leis an tsaol agus leis an obair.

Thig le scoileanna foghlaim na ndaltaí maidir leis An Timpeallacht agus an tSochaí a eagrú ar na dóigheanna seo:

  • na snáitheanna ábhair a theagasc le chéile;
  • an fhoghlaim a nascadh sna snáitheanna ábhair; agus/nó
  • gach snáithe ábhair a theagasc leis féin.

Má bhíonn Tíreolaíocht agus Stair á dteagasc ag scoileanna mar shnáitheanna ábhair leo féin, ba chóir dóibh naisc a dhéanamh in An Timpeallacht agus an tSochaí.

Féach leathanaigh na snáitheanna ábhair le tuilleadh eolais a fháil:

Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin

Caithfidh deiseanna a bheith ag páistí na Scileanna Traschuraclaim (CumarsáidÚsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC) agus na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt trí Timpeallacht agus Sochaí.

Déan Teagmháil Linn

Le tuilleadh eolais a fháil ar Timpeallacht agus Sochaí, déan teagmháil le: