Pleanáil le haghaidh Forbairt Scileanna
On this page
Ba chóir do mhúinteoirí deiseanna a phleanáil do dhaltaí scileanna a fhoghlaim, a fhorbairt agus a léiriú i ngach Réimse Foghlama den churaclam.
Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta ag Eochairchéim 3
I ngach cuid den churaclam, cuirtear béim ar Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt. Cuidíonn na scileanna sin le páistí a bheith ag smaoineamh go criticiúil agus go cruthaitheach. Bíonn siad ina gcuidiú acu fosta scileanna pearsanta agus idirphearsanta, chomh maith le dearcthaí atá riachtanach le feidhmiú go héifeachtach i saol atá ag athrú, a fhorbairt.
Is iad seo a leanas na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta:
- Bainistiú Eolais;
- Smaointeoireacht, Fadhbréiteach agus Cinnteoireacht;
- Bheith Cruthaitheach;
- Ag Obair le Daoine Eile; agus
- Féinbhainistiú.
An Tábhacht le Pleanáil ag Eochairchéim 3
Díríonn Eochairchéimeanna 3 agus 4 ar réimse scileanna a d’fhoghlaim daltaí sa bhunscoil a fhorbairt ar leibhéal níos doimhne. Ba chóir do mhúinteoirí naisc shoiléire a dhéanamh idir inneachar ábhair agus forbairt scileanna. Ba chóir dóibh pleanáil don bhaint atá ag taithí na ndaltaí ag Eochairchéim 3 le hEochairchéim 2 agus iad a ullmhú d’Eochairchéim 4.
Baineann taithí na ndaltaí maidir le Scileanna Traschuraclaim agus Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta le cúpla ábhar agus le múinteoirí éagsúla. Sin ráite, ní mór do mhúinteoirí ábhar:
- ábaltachtaí na ndaltaí a fhiosrú le hathdhéanamh a sheachaint;
- na Scileanna Traschuraclaim agus na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a aithint, a fhorbairt agus a mheasúnú mar bíonn siad mar chuid den ábhar go nádúrtha;
- oibriú i gcomhar le comhghleacaithe eile agus le comhordaitheoirí scileanna le dul chun cinn a phleanáil agus a leabú tríd an eispéireas curaclaim; agus
- foghlaim níos mó faoi:
- TSPC Progression Maps at Key Stage 3; agus
- na greillí do na Leibhéil de Dhul Chun Cinn
Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn a Úsáid don Phleanáil
Léiríonn na Leibhéil de Dhul Chun Cinn an t-ord a leanfaidh daltaí agus iad ag forbairt a scileanna. Thig leo bheith úsáideach ag múinteoirí agus iad ag pleanáil scéim oibre.
Forbhreathnú ar na Leibhéil de Dhul Chun Cinn
Leibhéil de Dhul Chun Cinn – Cumarsáid
Bainte le: Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn sa Chumarsáid | Scileanna Traschuraclaim Cumarsáid
Leibhéil de Dhul Chun Cinn – Úsáid na Matamaitice
Bainte le: Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn in Úsáid na Matamaitice | Scileanna Traschuraclaim Úsáid na Matamaitice
Leibhéil de Dhul Chun Cinn – Úsáid TFC
Bainte le: Na Leibhéil de Dhul Chun Cinn in Úsáid TFC | Scileanna Traschuraclaim Úsáid TFC
Ceangal Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin leis an Phictiúr Mhór
Tá na Scileanna Traschuraclaim agus na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta i gcroílár an churaclaim. Tá Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin leabaithe sna Réimsí Foghlama.
An Pictiúr Mór den Churaclam ag Eochairchéim 3
Thig le daltaí dul chun cinn a dhéanamh maidir le forbairt scileanna trí réimse d'eispéiris foghlama a spreagann meonta agus dearcthaí dearfacha. Ba chóir go mbeadh deiseanna ag daltaí na scileanna seo a fhoghlaim, a fhorbairt agus a léiriú i ngach cuid den churaclam.
Tá baint ag na Scileanna Traschuraclaim agus na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta le chéile le heispéiris foghlama na ndaltaí.
An Timthriall Teagaisc, Foghlama agus Measúnaithe
Léiríonn an bheochan ghairid seo go dtig le hábhar ar bith forbairt a dhéanamh ar na Scileanna Traschuraclaim tríd a thimthriall teagaisc, foghlama agus measúnaithe.
Thig le múinteoirí eolas oiriúnaithe do scileanna agus teicnící a theagasc go discréideach i ranganna sainábhar cosúil le Béarla agus Matamaitic. Maidir le comhthéacsanna curaclaim eile, tá béim faoi leith ar scileanna a aistriú, a chur i bhfeidhm agus a úsáid le foghlaim a fheabhsú.
Naisc idir Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta agus na Scileanna Traschuraclaim
Braitheann na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta agus na riachtanais de na Scileanna Traschuraclaim ar a chéile go minic. Maidir le comhthéacs ábhair, an toradh a bhíonn ar fhorbairt scil amháin go minic ná scileanna eile á bhforbairt.
|
||
Úsáid na Matamaitice
|
Úsáid TFC Fiosrú faisnéis ó fhoinsí sábháilte iontaofa arochtain, a roghnú, a léirmhíniú agus a thaighde. |
Cumarsáid Faisnéis a aimsiú, a roghnú agus a úsáid ó réimse foinsí. |
|
||
Úsáid na Matamaitice
|
Úsáid TFC Fiosrú: idirghníomhú le huirlisí digiteacha le fiosrú agus le tuartha a dhéanamh agus le fadhbanna a réiteach. Cur in Iúl: smaointe agus faisnéis a chruthú, a fhorbairt, a chur i láthair agus a fhoilsiú agus réimse de mheáin dhigiteacha in úsáid acu; agus réimse ábhar a ionramháil le táirgí ilmheánacha a chruthú. |
Cumarsáid
|
Creatlacha
Ba chóir do mhúinteoirí scileanna a sní isteach i dteagasc a gcuid ábhar. Cuidíonn sé seo leis na daltaí páirt a ghlacadh sna creatlacha scileanna. Cuidíonn sé leis na múinteoirí pleanáil a dhéanamh, de réir mar a shainaithníonn siad scileanna agus mar a chuireann siad iad isteach ina gcuid scéimeanna oibre.
Ba chóir do mhúinteoirí aird a tharraingt ar fhorbairt agus ar úsáid na Scileanna Traschuraclaim agus na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta mar chuid de gach réimse ábhair. Cuidíonn sé seo le daltaí fíorcheangail a dhéanamh lena gcuid foghlama. Cuidíonn sé leo a gcuid foghlama a aistriú ó chomhthéacs ábhair amháin go comhthéacs eile agus go dtí a saol taobh amuigh den tseomra ranga.
Féach ar Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta ag Eochairchéim 3 le tuilleadh eolais a fháil.
Áiseanna
Déan Teagmháil Linn
Le tuilleadh eolais a fháil ar Pleanáil le haghaidh Forbairt Scileanna, déan teagmháil le: