
Mol Mata
Uirlis Sórtála
Dearadh Uirlis Sórtála Mol Mata chun deis a thabhairt do dhaltaí sonraí agus réada a rangú agus éagsúlacht léaráidí sórtála in úsáid acu. Mar shampla:
- Léaráidí Venn;
- Greillí;
- Táblaí;
- Léaráidí Carroll; agus
- Léaráidí Crainn / Crainn Chinnteoireachta.
Chomh maith leis na léaráidí seo tá banc de láimhseoga fíorúla ann a sheasann d’ábhair phraiticiúla a bhíonn in úsáid sa tseomra ranga. Ina measc tá:
- Cruthanna 2T agus 3T;
- Tangraim;
- Dúradáin; agus
- Uillinneacha.