Mol Mata

Mol Mata

Uirlis Cuisenaire

On this page

Dearadh Uirlis Cuisenaire Mol Mata chun ligean do dhaltaí agus do mhúinteoirí fadbhanna mata a réiteach agus bataí Cuisenaire fíorúla in úsáid.. Tá deich mbata ar fad ann le dath difriúil ar gach ceann. Is féidir na bataí a athrú nó a chur in oiriúint ag bráth ar an cheacht nó ar an fhadhb atá le réiteach.

San uirlis seo tá:

  • Deich mbata Cuisenaire. Tá na dathanna céanna orthu is atá ar na bataí a bhíonn in úsaid i scoileanna. Is féidir luach na mbataí a athrú agus is féidir iad a chóipeáil agus a rothlú ar an scáileán.
  • Gineadóir uimhreacha a oibríonn mar a bheadh dísle ann. Is féidir uimhir randamach idir 1 agus 6 nó uimhir idir 1 agus 12 a chruthú.