Mol Mata

Mol Mata

Uirlis Chomhordanáideach

Dearadh Uirlis Chomhordanáideach Mol Mata chun tacú le múinteoirí agus le daltaí i bhfoghlaim agus teagasc cruth agus spás, go háirithe; suíomh, gluaiseacht agus treo. Leis an uirlis seo, is féidir eangacha a chruthú lena n-úsáid le comhordanáidí nó le tagairtí eangaí. Tá réimse marcóirí, cineálacha pointí éagsúla agus íomhánna is féidir a chur ar na heangacha. Tá compáis ann chomh maith a thaispeánann téarmaí difriúla le cur síos ar shuíomh, gluaiseacht agus treo.

Is féidir an uirlis a úsáid chun léarscáileanna bunúsacha a chruthú nó siméadracht a chleachtadh i gceathrúna éagsúla den eangach.