Mol Mata

Mol Mata

Clár Dairteanna

Dearadh Clár Dairteanna Mol Mata chun tacú le múinteoirí agus le daltaí i bhfoghlaim agus i dteagasc uimhris, chomh maith le gnéithe eile den mhata. Tá gnáth-chlár dairteanna agus réimse de chláir dairteanna réamhdhéanta eile ann. Tá feidhm ann chomh maith a ligeann do mhúinteoirí agus do dhaltaí a gcuid clár dairteanna féin a chruthú agus iad ag roghnú líon na dteascóg, dathanna agus lipéid. Is féidir dairteanna a chaitheamh le clár i gcluiche, nó iad a chur ar chlár chun coincheap nó chun fadhb a fhiosrú.

Is féidir an clár dairteanna a úsáid chun gnéithe difriúla mata a fhiosrú. Mar shampla, suimiú, uimhirnaisc, fachtóirí, iolraithe, codáin, deachúlacha, treo nó dóchúlacht.