Tá an tAonad Téamach seo dírithe ar Eochairchéim 2 agus tugtar smaointí agus modhanna suimiúla leis na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha a úsáid mar chomhtheács don fhoghlaim nasctha agus tugtar naisc chuig áiseanna úsáideacha. Is féidir leat téarma a chaitheamh le téama na gCluichí Oilimpeacha a fhiosrú agus Lá Spóirt bunaithe ar na Cluichí Oilimpeacha mar bhuaicphointe ag an deireadh.