Ar an Lá

Aire a Thabhairt do na Cuairteoirí

Eagraigh grúpa a bhuailfidh leis na cuairteoirí agus a chuirfidh fáilte rompu agus a thabharfaidh chuig an áit féachana iad.

Maoirsiú na nIomaitheoirí

Cinntigh go bhfuil go leor múinteoirí/cúntóirí le hamharc i ndiaidh na n-iomaitheoirí nuair nach bhfuil imeacht ar bun acu agus le hiad a ullmhú d'imeachtaí.

Eagrú agus Stiúradh na nGníomhaíochtaí

Ba chóir duine amháin a cheapadh leis na gníomhaíochtaí uilig a mhaoirsiú agus a stiúradh, duine a stiúrfaidh imeachtaí, uainíocht agus daoine i rith an ama. Déan cinnte go bhfuil a fhios ag gach rannpháirtí agus gach cuiditheoir cén duine atá ann.

Ord na nImeachtaí

Is clár molta na gníomhaíochtaí seo a leanas don Imeacht Oilimpeach agus Parailimpeach. B'fhéidir gur mhaith leat é a oiriúnú do do scoil.

1. An Searmanas Tosaithe

  • Siúlfaidh na páistí uilig, ina bhfoirne, chuig an áit atá sainithe dóibh agus suífidh siad síos. Beidh sonóg foirne ag ceann gach foirne agus píosa ceoil bhríomhair á sheinm.
  • Déanfaidh na Páistí damhsa an tSearmanais Tosaithe (mar a ullmhaíodh sa ghníomhaíocht damhsa corpoideachais Lasadh an Tóirse).
  • Tabharfaidh an páiste/páistí atá ainmnithe an tóirse isteach (Féach an ghníomhaíocht seomra ranga Luachanna Oilimpeacha agus Parailimpeacha a Cheiliúradh).
  • Déarfaidh an páiste/páistí atá roghnaithe an mionn a cumadh sa ghníomhaíocht ranga Na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha thar ceann na lúthchleasaithe.
  • Fógróidh an príomhoide nó an aoí speisialta go bhfuil na 'Cluichí' tosaithe.

2. Imeachtaí Spóirt

Déanfaidh na rannpháirtithe uilig na himeachtai spóirt.

Úsáid na himeachtaí uilig ón aonad oibre Níos Gasta, Níos Airde, Níos Láidre. Cuir na páistí ina gcúig fhoireann, cúigear an fhoireann. Cuir i gcuimhne dóibh go mbeidh scór s'acu mar chuid de scór iomlán na foirne do gach imeacht. Is féidir go mbeidh buaiteoir indibhidiúil do gach imeacht ach bronnfar pointí, de réir ord iomaitheoirí eile, ar a bhfoireann. Is é an fhoireann leis an scór carnach is airde (ó gach foireann laistigh de gach blianghrúpa) an buaiteoir.

Cuir i gcuimhne do na páistí go dtig leo boinn a bhaint as luachanna na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha a léiriú go pearsanta. Féach an ghníomhaíocht seomra ranga Cuir Eolas ar do Luachanna le tuilleadh eolais. Is é an fhoireann leis an scór carnach is airde (ó gach foireann laistigh sa blianghrúpa) an buaiteoir.

  • rith tointeála sealaíochta - déanann gach duine san fhoireann rith tointeála ar a sheal, isteach is amach as trí chón/fhonsa atá leagtha fad cothrom óna chéile thar fhad cuí (gach 10 méadar, a bheag nó a mhór). Déan cuntas agus taifead ar líon na rití tointeála a dhéanann gach duine in dhá nóiméad.
  • rás sealaíochta - déan cuntas agus taifead ar líon na rití a dhéanann gach foireann in dhá nóiméad.
  • rás uibhe agus spunóige/rás pónaireáin/rás le fáinnín ar an cheann nó faoin smig - déan cuntas ar líon na rití críochnaithe in dhá nóiméad.
  • caitheamh peile bige/caitheamh liathróid leadóige nó sleá chúrphlaistigh - tomhas fad an chaithimh agus déan taifead ar an dá iarracht is fearr thar dhá nóiméad. Déan taifead ar an fhad trí phointe amháin a bhronnadh ar rud a caitheadh níos faide ná an chéad mharcóir (5m), dhá phointe ar chaitheamh níos faide ná an chéad mharcóir eile (7m) agus trí phointe ar chaitheamh níos faide ná an marcóir 10m, in áit a bheith ag tomhas gach uile chaithimh.
  • caitheamh pónaireáin - tabhair pointí do gach pónaireán a chaitear isteach i bhfonsa ar bith in dhá nóiméad.
  • an léim ard agus/nó léim fhada as seasamh - déan taifead ar an léím is fearr le linn an dá nóiméad (trí léim an duine).
  • cliathrás sealaíochta - déan cuntas ar líon na rití a chríochnaíonn gach foireann thar trí chliath bheaga in dhá nóiméad.
  • bac-chúrsa - oibríonn baill an ghrúpa le chéile leis an chúrsa a chríochnú agus baineann an fhoireann is gasta.

Tabhair faoi deara, le do thoil: Tá sábháilteacht na n-iomraitheoirí fíorthábhachtach i rith an ama: déan cinnte go bhfuil go leor spáis ann do na himeachtaí caithimh.

B'fhéidir gur mhaith leat an t-imeach a fhadú le cluichí eile a chuimsiú agus le mion-chomórtais a eagrú, cuid de na spóirt Oilimpeacha agus Parailimpeacha san áireamh, mar shampla:

  • Badmantan;
  • Líonpheil;
  • Haca;
  • Leadóg tábla;
  • Peil; nó
  • Boccia.

Ba chóir do na páistí taispeántas a thabhairt ar na cluichí a dhear siad níos luaithe san

3. Boinn agus an Searmanas Críochnaithe

Ní Cluichí Oilimpeacha go boinn a bhronnadh agus searmanas críochnaithe. I ndiaidh bhronnadh na mbonn, tabhair deis do na páistí siúl thart arís agus iad ag taispeáint a mbonn go bródúil an iarraidh seo. Is féidir damhsa a dhéanamh mar pháirt den searmanas críochnaithe (féach Damhsa Spóirt). Iarr ar pháiste amháin an tóirse a thabhairt ar aghaidh do bhlianghrúpa eile agus iarr ar an phríomhoide nó ar aoí speisialta na cluichí a chríochnú go hoifigiúil.