Beidh na páistí ábalta:
Na Riachtanais Reachtúla:
Corpoideachas
Ba chóir go gcumasófaí na daltaí tuiscint a fhorbairt ar chluichí foirne bige, cluichí oiriúnaithe agus mionchluichí agus páirt a ghlacadh iontu.
Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta:
Féinbhainistiú
Déanfaidh daltaí:
Ag Obair le Daoine Eile
Déanfaidh daltaí:
Deiseanna Foghlama Nasctha:
Teanga agus Litearthacht
Beidh daltaí ábalta éisteacht le gluaiseachtaí, mothúcháin agus braistintí dá gcuid féin agus de chuid daoine eile, cur síos a dhéanamh orthu, iad a mheas agus a thuiscint.
Matamaitic agus Uimhearthacht
úsáidfidh daltaí fad, treo, am, cruth agus spás le héagsúlacht agus caighdeán gluaiseachtaí a fheabhsú, agus láimhseáil sonraí agus áiseanna TFC le heolas mar gheall ar dhul chun cinn, mar shampla lúthchleasaíocht, sláinte agus corpacmhainneacht.
Forbairt Pearsanta agus Comhthuiscint
Foghlmóidh na daltaí cad é mar a fhorbraíonn an corp, meas a bheith acu ar a gcorp féin agus é a choinneáil sláintiúil sábháilte trí na roghanna cearta a dhéanamh.
Oibreoidh na daltaí le daoine eile agus léireoidh siad meas orthu trí bheith ag glacadh leo agus ag léiriú measa ar dhifríochtaí idir inniúlachtaí fisiceacha.
Scileanna Traschuraclaim:
Cumarsáid
Ba chóir go gcumasófaí daltaí le:
Sa rang, mínigh do na páistí gur iarr an coiste Oilimpeach orthu cluiche nua a chumadh do Chluichí Oilimpeacha 2016. Mínigh go n-oibreoidh siad ina ngrúpaí leis an chluiche nua a cheapadh agus go mbeidh orthu é a chleachtadh, a leíriú agus ansin é a theagasc do dhaoine eile sa rang.
Déanfar an túsphleanáil sa seomra ranga agus ansin beidh an deis acu a gcluiche a chleachtadh sa halla. Is féidir leo an cluiche a léiriú go speisialta le linn Imeacht Oilimpeach agus Parailimpeach na Scoile.
B'fhéidir go mbeadh sé úsáideach íomhánna ón www.olympic.org/sports a thaispeáint do na páistí leis na spóirt a imrítear le linn na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha a chur i gcuimhne dóibh.
Pléigh leis na páistí na tréithe atá ag cluiche maith, mar shampla, ní mór dó a bheith inimeartha agus taitneamhach do gach rannpháirtí agus ba chóir go mbeadh treoirlínte ar leith ag baint leis, cosúil le:
Pléigh roinnt cluichí a bhfuil na páistí eolach orthu, mar shampla, sacar, peil, camógaíocht, leadóg, badmantan nó cluiche corr. Pléigh an gá atá le rialacha i ngach cluiche. úsáid samplaí ó chluichí éagsúla lena thaispeáint an dóigh a n-idirdhealaíonn na rialacha cluichí óna chéile.
Cuir an rang ina ngrúpaí agus lig dóibh a gcluiche a chumadh ag úsáid na dtreoirlínte seo a leanas:
Riachtanach don chluiche:
Tabhair faoi deara: b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr teorainn a chur ar roghanna agus ar chinnteoireacht na ndaltaí, ag brath ar ábaltacht agus ar tháithí na ngrúpaí. B'fhéidir gur mhaith leat a shainiú gur cluiche 3 in éadan 3 a bheas ann, nó cinnfidh tú féin ar an phlásóg imeartha, nó ar chuid de na rialacha nó den trealamh a bheas in úsáid acu. Féach teimpléad Dear Teimpléad Cluichí le tuilleadh eolais a fháil.
Tabhair am do na páistí le hobair le chéile ar a gcluiche a chleachtadh agus a fheabhsú. Mínigh dóibh gur chóir go mbeadh ról ar leith ag gach duine sa ghrúpa agus pléigh leo na freagrachtaí a bhaineann le gach ról, mar shampla:
Spreag na páistí a ról taobh istigh sa ghrúpa a phlé agus a aontú.
Beidh ar gach ball den ghrúpa a gcluiche a chleachtadh le linn na gceachtanna. Ba chóir don scríobhaí taifead a dhéanamh ar na rialacha, treoracha agus trealamh riachtanach ar an teimpléad Dear Teimpléad Cluichí.
Tabhair deis do na páistí a gcluiche a thaispeáint do na daoine eile. Ba chóir do gach grúpa:
Iarr ar na páistí gach cluiche a mheas ina ngrúpaí. Ba chóir dóibh na critéir a tugadh dóibh cheana féin a úsáid leis an cluiche is rathúla a aimsiú. Ansin, is féidir leo vóta a chaitheamh ar na cluichí ar mhaith leo iad a beith in Imeacht Oilimpeach agus Parailimpeach na Scoile.
Iarr ar gach páiste Spórt Oilimpeach nó Parailimpeach a roghnú le taighde a dhéanamh air (treoraigh na páistí chuig an Games section ar an suíomh gréasáin Londan 2012 le tuilleadh eolais a fháil). Is féidir leo roinnt laethanta a chaitheamh air seo agus mar ghníomhaíocht foghlama sa bhaile. Is féidir an ghníomhaíocht seo a nascadh leis na gníomhaíochtaí seomra ranga sa roinn All Around the World.
Déan an ghníomhaíocht Sa Suíochán Te sa rang. Beidh deis ag gach páiste suí sa suíochán te le freagraí a thabhairt ar cheisteanna faoina spórt. (Más gá, dréachtaigh na ceisteanna do na páistí agus cuir struchtúr leis an tasc taighde don rang lena chinntiú go bhfuil siad soiléir faoin taighde atá le déanamh).
Ansin, ba chóir do na páistí vóta a chaitheamh ar dhá spórt ba mhaith leo a fhoghlaim a imirt. Reáchtáil seisiúin triallacha le linn am scoile, ag am lóin nó le linn imeachtaí iarscoile.
I ndiaidh príomhghnéithe an spóirt roghnaithe a theagasc agus a chleachtadh, thiocfadh leat mionchomórtas a reáchtáil.
Spreag na páistí spórt Parailimpeach cosúil le cúl-liathróid, boccia, sacar na ndall nó eitpheil i do shuí. Tá eolas agus smaointí maithe ar spóirt Parailimpeacha ar an tsuíomh gréasáin Hampshire Council: Physical Activity. Agus na páistí ag imirt agus ag athbhreithniú na gcluichí, pléigh leibhéal na diongbháilteachta atá de dhíth ag lúthchleasaithe leis na cluichí seo a imirt agus a chleachtadh, go háírithe na spóirt Pharailimpeacha.
Grianghraif de Spóirt Oilimpeacha agus Parailimpeacha
Raon de threalamh corpoideachais
Halla/spás taobh amuigh
Olympic Sportswww.olympic.org
Rio Sportswww.rio2016.com
Paralympicswww.rio2016.com