Roimh an Imeacht

Na Páistí a Chur ina bhFoirne

Lig do na páistí a bhfoirne féin agus a n-ainmneacha foirne a roghnú bunaithe ar na tíortha atá páirteach sna Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Treoraigh iad do na gníomhartha a rinneadh in Thart ar an Domhan. B'fhéidir gurbh fhearr foirne agus ainmneacha a shocrú roimh ré.

Sainigh dath do gach foireann le caitheamh ar an lá. Is féidir go ndearfaidh na páistí suaitheantais foirne, bratacha agus meirgí, agus ábhar eile poiblíochta leis an imeacht a fhógairt agus le tacaíocht a thabhairt dá bhfoireann. (Féach na gníomhaíochtaí seomra ranga Thart ar an Domhan agus Bratacha agus Siombailí le tuilleadh eolais agus gníomhaíochtaí ábhartha a fháil.)

Na Páistí a Ullmhú

Cinntigh gur chleacht na páistí na himeachtaí praiticiúla agus go bhfuil siad eolach ar fheidhmiú an chórais scórála.. Déan taispeántas a léiríonn liostaí rannpháirtithe, foirne, imeachtaí agus rialacha le cuidiú le féachadóirí agus rannpháirtithe araon a thuiscint cad é atá ar siúl agus ord na n-imeachtaí. Taispeáin obair a rinne na daltaí le linn na ngníomhaíochtaí seomra ranga len léiriú atá foghlamtha acu faoi na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha.

Eagrú na hImeachta

Cinntigh go leagtar róil ar pháistí agus ar dhaoine fásta agus go bhfuil siad soiléir fúthu roimh an imeacht. Tá roinnt ról nach mbaineann le lúthchleasaíocht a thiocfadh le páistí a dhéanamh, róil a ligfidh dóibh rannpháirtíocht de chineál eile a bheith acu i rath na himeachta. B'fhéidir go mbeidh siad rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt sa todhchaí mar thoradh air seo i ról neamh-imeartha mar:

  • bainisteoir (eagrú foirne);
  • maor (eagrú féachadóirí);
  • eagraí trealamh;
  • maor ama;
  • tomhaisteoir;
  • cláraitheoir; nó
  • tuairisceoir.

Poibliú na hImeachta

Taispeáin póstaeir ar fud na scoile, ar shuíomh gréasáin na scoile agus i siopaí áitiúla. Cuir fógra faoin imeacht sna meáin áitiúla. Cuir litreacha chuig na tuismitheoirí le cuireadh a thabhairt dóibh teacht chuig an imeacht.

Tuilleadh Eolais

Lá na gCluichí Oilimpeachawww.olympic.org