Cuideoidh an roinn seo den aonad téamach leat imeacht ceiliúrtha a phleanáil bunaithe ar na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Má ghlacann an scoil go léir páirt sa lá spóirt, beidh ort cuid de na himeachtaí a oiriúnú do na páistí is óige.
Tugann an t-imeacht deis cheiliúrtha daoibh ar an fhoghlaim a rinneadh san aonad téamach ina iomlán. Déanfar tagairtí ar chuid mhaith de na gníomhaíochtaí seomra ranga agus corpoideachais ar fud na roinne seo.
Beidh na Cluichí Parailimpeacha ann idir 7 agus 18 Meán Fómhair 2016 agus mar sin de beidh deis ann na gníomhaíochtaí corpoideachais a dhíriú ar a bhfuil bainte amach ag daoine faoi mhíchumas agus triail a bhaint as cuid de na spóirt parailimpeacha i rith téarma an Fhómhair 2016.
Rannóg | Cur Síos |
---|---|
Roimh an Imeacht | An dóigh leis an imeacht a phleanáil agus a phoibliú; |
Ar an lá | Ord reatha na ngníomhaíochtaí a thiocfadh leat a reáchtáil ar an lá spóirt le gné Oilimpeach agus Parailimpeach a thabhairt dó; |
I ndiaidh na hImeachta | Smaointe faoi thaifead a dhéanamh ar an imeacht agus searmanas bronnta do na páistí a léirigh na luachanna Oilimpeacha agus Parailimpeacha. |