Déanfaidh na páistí:
Na Riachtanais Reachtúla:
Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint
Ba chóir go gcumasóidh na múinteoirí na daltaí le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt in:
An Domhan Thart Orainn
Ba chóir go gcumasóidh na múinteoirí na daltáí le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt ar ár n-áit sa chruinne.
Scileanna Traschuraclaim:
Cumarsáid
Ba chóir go gcumasófaí daltaí le heolas, smaointe, tuairimí, mothúcháin agus samhluithe a chur in iúl trí stór focal atá ag méadú.
Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta:
Féinbhainistiú
Beidh daltaí eolach ar láidreachtaí, ar laigí agus ar réimsí spéise pearsanta.
Smaointeoireacht, Fadhbréiteach agus Cinnteoireacht
Déanfaidh na daltaí tuar, scrúdú fianaise, aithint idir fíoras agus barúil.
Deiseanna Foghlama Nasctha:
Na hEalaíona - Ealaín agus Dearadh
Déanfaidh daltaí:
Is féidir le bratacha agus siombailí réimse mothúchán a dhúiseacht. Braitheann an dóigh a mothaíonn muid fúthu agus an rud a chreideann muid fúthu ar:
Sula gcuirfear tús leis na gníomhartha sa rannóg seo, caithfidh na páistí a bheith ábalta fíric agus tuairim a idirdhealú. Caithfidh siad a thuiscint chomh maith nach ionann drochthaithí le daoine ó chúlra áirithe agus go n-iompróidh gach duine ón chúlra sin ar an dóigh chéanna.
Gheobhaidh tú gníomhaíochtaí a thacaíonn leis an tuiscint seo in Maireachtáil. Foghlaim. Le Chéile. Bliain 6, Aonad 6: Déan Cinnte de ar dTús!. Is féidir leat gníomhartha a fháil a chuideoidh le daltaí saincheisteanna féiniúlachta agus cad é mar a chruthaítear féiniúlacht a fhiosrú in Living. Maireachtáil. Foghlaim. Le Chéile. Bliain 5, Aonad 6: Ag Foghlaim Faoi Dhaoine Eile.
Úsáid an léarscáil idirghníomhach ar an suíomh Olympic.org na bratacha ar fad do na tíortha a bheidh páirteach sna Cluichí Oilimpeacha a thaispeáint do na páistí.
Iarr ar na páistí brat amháin amach as an 206 tír a bheidh páirteach sna Cluichí Oilimpeacha Rio 2016 a roghnú agus é a phriontáil nó a tharraingt iad féin.
Déan taispeántas balla do na bratacha ar fad atá cruthaithe ag na páistí.
B’fhéidir gur mhaith leat féin agus do rang brat a chruthú do Lá Spóirt na Scoile.
Iarr na páistí a machnamh a dhéanamh ar na bunéilimintí de bhratach a sheasfadh dá rang don imeacht scoile Oilimpeach/Parailimpeach atá pleanáilte. Ba chóir dóibh comhoibriú mar rang leis na bunéilimintí a shainaithint. Ansin, ina ngrúpaí, déanfaidh siad dearaí fóirsteanacha páipéir a dtiocfadh leo breithmheas a thabhairt orthu trí Vótáil Cnaipí.
Cuir tús le plé ar shiombailí trí cheist a chur faoi cad chuige a n-úsáidtear iad. Bí ag dúil le freagraí mar:
Ná déan dearmad gurbh fhéidir go dtabharfadh páistí samplaí eile a léiríonn an cúlra cultúrtha atá acu. Iarr ar gach dalta rud éigin ón oidhreacht s'acu a sheasann do ghné éigin dá fhéiniúlacht a thabhairt isteach leo. Iarr ar gach dalta a shiombail a mhíniú don rang; a seasann sé dó agus cad chuige a n-úsáidtear é. Gheobhaidh tú siombailí breise arbh fhéidir leat a úsáid in Primary Values (CCEA), lch. 199.
Cuir an rang ina ngrúpaí agus tabhair ceann de na siombailí nó lógónna atá ag na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha do gach grúpa le fiosrú:
Iarr ar na pásití an t-idirlíon a úsáid lena fháil amach cad é a seasann gach siombail nó sonóg dó agus cad é an dóigh. Iarr ar gach grúpa aiseolas a thabhairt ar an tsiombail a bhí acu. Gheobhaidh tú suíomhanna úsáideacha don taighde seo sa rannóg ‘Riachtanais’.
Tá cláir bheochana spraíúla ar na sonóga (flóra agus fána) do Rio 2016 ar an tsuíomh idirlín Rio2016 a bhainfeadh an rang sult as le deireadh a chur leis an ghníomhaíocht.
úsáid an suíomh idirlín www.olympictruce.org leis an sos cogaidh a mhíniú. Amharc ar an lógó atá ag Lárionad Idirnáisiúnta an tSosa Cogaidh Oilimpigh agus iarr ar na páistí cad chuige a shíleann siad ar roghnaíodh an lógó sin. Cad é mar a thaispeáin Jesse Owens agus Luz Long go raibh sos cogaid ann?
Rochtain ar an idirlíon
Clár bán idirghníomhach
Maireachtáil. Foghlaim. Le Chéile. Bliain 6, Aonad 6: Déan Cinnte de ar dTús!www.ccea.org.uk
Maireachtáil. Foghlaim. Le Chéile. Bliain 5, Aonad 6: Ag Foghlaim Faoi Dhaoine Eilewww.ccea.org.uk
Pictiúir do bhratacha ó thíortha éagsúla
Bunluachanna (CCEA) Siombailí cultúrtha lch 199
Suíomhanna Gréasáin Siombailí Oilimpeacha:
National Olympic Committeeswww.olympic.org
Brandingwww.rio2016.com
Mascotswww.rio2016.com
The International Olympic Truce Foundation and the International Olympic Truce Centrewww.olympictruce.org