Damhsa Spóirt

+ -
Spriocanna Foghlama

Déanfaidh daltaí:

  • Spóirt Oilimpeacha a úsáid mar spreagadh le damhsa a chruthú;
  • cruthanna fráma reoite agus gluaiseachtaí taistil a úsáid le patrúin ghluaiseachta a chruthú; agus
  • comhobair le daoine eile.
+ -
Naisc Churaclaim

Corpoideachas
Ba chóir go gcumasófaí daltaí le:

  • leanúint ar aghaidh ó bheith ag úsáid gluaiseachtaí agus gothaí simplí go ndéanfar iad seo a fhorbairt ina sraith de ghluaiseachtaí struchtúrtha, seicheamhacha agus comhordaithe agus athróga amhail spás, treo agus luas in úsáid;
  • a gcuid gluaiseachtaí a fhorbairt go forchéimnitheach ar bhonn aonair; I mbeirteanna, i dtriúir, i ngrúpaí beaga; agus i ngrúpaí is mó;
  • úsáid níos éifeachtaí de leibhéil spáis, treonna, luais agus neart a fhorbairt;
  • gluaiseacht le smacht, comhordú agus staidiúir mhéadaithe, agus réimse de ghníomhuithe agus de ghothaí, a léiríonn smaointe agus mothúcháin, in úsáid;
  • seichimh ghluaiseachtaí a chruthú, a chleachtadh agus a chur i bhfeidhm, réimse spreagthach in úsáid agus iad os comhair lucht féachana;
  • damhsaí a struchtúrú le tús, lár agus deireadh soiléir;

Ag Obair le Daoine Eile
Deanfaidh daltaí:

  • éisteacht go gníomhach agus barúlacha a roinnt;
  • an nós le déanamh sealaíochta, le roinnt agus le comhoibriú a fhorbairt;
  • aiseolas a thabhairt agus freagairt dó;
  • freagracht phearsanta a ghlacadh as obair le daoine eile agus a rannpháirtíocht féin sa
  • ghrúpa a mheas;
  • bheith cothrom;
  • meas a léiriú ar dhearcadh agus ar bharúlacha daoine eile, teacht ar chomhaontú trí idirbheartaíocht agus chomhréiteach; agus
  • moltaí a thabhairt faoi dhóigheanna lena gcur chuige maidir le comhoibriú a fheabhsú.

Bheith Cruthaitheach
Déanfaidh daltaí:

  • smaointe agus ceisteanna a thriail;
  • naisc nua a dhéanamh idir smaointe/eolas;
  • foghlaim ó smaointe daoine eile agus a luach a thabhairt dóibh; agus
  • smaointe a fhíorú trí thriail a bhaint as dearadh, gníomhartha agus torthaí difriúla;

Cumarsáid
Ba chóir go gcumasófaí daltaí le:

  • páirt a ghlacadh i bplé, míniú, rólghlacadh agus cur i láthair agus éisteacht leo;
  • barúlacha a thabhairt, ceisteanna a chur agus freagairt do dhearcadh daoine eile;
  • eolas, smaointe, tuairimí, mothúcháin agus samhluithe a chur in iúl trí stór focal atá ag méadú;
  • modhanna neamhbhriathartha a úsáid le smaointe a chur i láthair agus le dul i dteagmháil leis an éisteoir.

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint
Ba chóir go gcuirfeadh múinteoirí ar a gcumas ag daltaí eolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt, i dtaca le:

  • éagsúlacht chultúrtha agus ilchineálacht a cheiliúradh agus meas a bheith acu orthu; agus
  • a bhféinmheas agus a bhféinmhuinín agus an dóigh a bhforbraíonn siad mar dhaoine aonair.

Ligeann an ghníomhaíocht seo do na daltaí a ndamhsa féin ar théama spóirt nó a ndréacht ghluaiseachta féin a fhorbairt. d'fhéadfadh sé seasamh laistigh d'aonad oibre damhsa Eochairchéim 2, ag cur le scileanna gluaiseachta na bpáistí, nó mar ghníomhaíocht neamhspleách trí nó ceithre seachtaine, muna bhfuil tú ach ag tabhairt na ceachta a dhíríonn ar dhamhsa ar théama spóirt a chruthú. Is féidir leat gach ceacht a theagasc mar cheacht singil nó is féidir na gníomhaíochta foghlama uilig a chur le chéile le damhsa iomlán a léiriú.

Is féidir leat an damhsa deiridh a úsáid i searmanas tosaithe Imeacht Oilimpeach agus Parailimpeach na Scoile.

Gníomhaíocht

Ceacht 1

Pléigh leis na daltaí na spóirt éagsúla a bhíonn sna Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha ag míniú gurb é na spóirt Oilimpeacha seo an spreagadh dá n-obair dhamhsa agus ghluaiseachta sa ghníomhaíocht seo.

Taispeáin Cártaí Spóirt Oilimpeacha agus Parailimpeacha do na páistí, nó pictiúir de spóirt eile, mar spreagadh le smaointe a thabhairt dóibh. Mínigh gur ó na spóirt a gheobhaimid smaointe faoi choinne ár ngluaiseachtaí.

Réamhaclaíocht

Iarr ar na páistí rith isteach agus amach as a chéile agus an spás iomlán a úsáid ar feadh deich soicind. Ar chluinstin ‘a deich’ dóibh, caithfidh na daltaí ‘reo’ san áit a bhfuil siad. Cuir ceist ar na daltaí, ‘Cad é mar a reoimid ár gcorp?’ Mínigh go ‘stadaimid láithreach agus go dteannaimid ár matáin sa dóigh go bhfuil mothúchán de ‘láidreacht’ inár gcorp.’ (Ba chóir do na páistí a matáin a theannadh)

Déan an ghníomhaíocht arís ach giorraigh an cuntas (‘8’/‘6’/‘4’/‘2’). Faoi dheireadh na réamhaclaíochta, ba chóir go mbeadh mothú de mhátain a theannadh agus de ghluaiseacht a ‘reo’ fiosraithe ag na páistí.

Mínigh do na páistí go bhfuil siad ag dul a dhéanamh frámaí reoite ina ndamhsa inniu.

TABHAIR FAOI DEARA: Le fráma reoite a chruthú úsáideann muid ár gcorp le pictiúr fisiceach a chruthú a léiríonn gníomh nó scéal. Ba chóir don fhráma reoite a bheith go hiomlán socair agus déanta ar feadh tréimhse shainithe ama amhail is go bhfuil na damhsóirí reoite in am!

Gníomhaíocht

Spreag gach páiste cárta spóirt a roghnú agus fráma reoite a dhéanamh i gcruth a léireodh an spórt (mar shampla dornálaí lena lámha réidh i seasamh dornála). Iarr ar na páistí an cruth a choinneáil ar feadh ceithre shoicind.

Cuir na páistí ina mbeirteanna. Ansin múinfidh siad an fráma reoite don spórt s'acu dá gcomhpáirtí agus coinneoidh siad gach fráma reoite ar feadh ceithre shoicind.

Cuir na beirteanna le chéile ina ngrúpaí de cheathrar. Iarr ar gach grúpa iad féin a uimhriú 1-4. Iarr orthu tús a chur leis trí chromadh síos i gcruth fillte ar an urlár. Is é seo an riocht tosaigh don damhsa.

Iarr ar gach dalta, ar a sheal nuair a ghlaonn tú amach a uimhir, léim ina sheasamh agus a fhráma reoite a choinneáil ar feadh ceithre shoicind, agus ansin fanacht sa chruth sin. Sa deireadh, ba chóir do na páistí uilig a bheith ar a gcosa agus ina gcruth fráma reoite.

Ansin, ní mór do gach páiste cruth fráma reoite a spóirt a theagasc do bhaill eile an ghrúpa. Ansin, is féidir leis an ghrúpa iomlán ceithre fhráma reoite a léiriú, ag seasamh do cheithre spórt difriúla, ag an am chéanna, gach ceann déanta ar feadh ceithre shoicind. Socróidh an grúpa an t-ord ina léireoidh siad a bhfrámaí reoite. Léiríonn an grúpa iomlán iad san ord céanna ag an am chéanna. (Is féidir leat iarraidh ar na daltaí an seiceamh a dhéanamh faoi dhó chun an fhoghlaim a neartú).

Is féidir leis an seiceamh seo a bheith ina intreoir don damhsa.

Struchtúr an Damhsa:

  • Léimeann Uimh. 1 isteach sa fhráma reoite;
  • Léimeann Uimh. 2 isteach sa fhráma reoite;
  • Léimeann Uimh. 3 isteach sa fhráma reoite;
  • Léimeann Uimh. 4 isteach sa fhráma reoite; agus ansin
  • Léiríonn an grúpa iomlán ceithre chruth fráma reoite, san ord chéanna i ndiaidh a chéile, ag coinneáil gach ceann acu ar feadh ceithre shoicind.

Déan an damhsa arís le tionlacan píosa bríomhar ceoil (Iarr ar na daltaí píosa fóirsteanach a mholadh).

Ceacht 2

Mínigh do na páistí go mbeidh siad ag úsáid gluaiseachtaí taistil difriúla ina ndamhsa inniu agus déanfaidh siad a bhfrámaí reoite a bheochan. Is iad gluaiseachtaí taistil gluaiseachtaí a aistríonn ó A go B muid!

Réamhaclaíocht

Ina spásanna indibhidiúla, iarr ar na páistí céad litir a n-ainm baiste a mharcáil amach trí shiúl. Ba chóir dóibh an litir a dhéanamh chomh mór agus is féidir leo, gan bualadh i gcoinne a chéile.

Iarr orthu bealach difriúil le taisteal ar a gcosa a roghnú (mar shampla rith, sleaschéimniú, dul ar cosa in airde, léim ar chos amháin, scipeáil, tiontú, rothlú) agus an litir a mharcáil amach arís leis an mhodh taistil seo.

Úsáid léirithe páistí le smaointe a aithint agus a roinnt lena chéile.

Ina spásanna indibhidiúla, iarr ar na páistí céad litir a sloinne a mharcáil amach le bealach taistil nár úsáid siad cheana inniu. Spreag iad leis an litir a dhéanamh chomh mór agus is féidir leo, gan bualadh i gcoinne a chéile. Ansin, iarr ar na páistí an dá litir a chur le chéile. (Ba chóir do gach páiste dhá bhealach taistil dhifriúla a léiriú le linn na réamhaclaíochta.)

Gníomhaíocht

Iarr ar na páistí reo ina gcruth fráma reoite féin ó Cheacht 1. Mínigh dóibh gurb é an tasc atá acu inniu a bhfráma reoite a chur ag taisteal lena spórt a bheochan, mar shampla, sleaschéimníonn dornálaí agus é ag bualadh doirn ar an aer nó léimeann an tumadóir aníos agus, a lámha chun tosaigh, tuirlingíonn anuas i dtreo an urláir, tiontaíonn amhail go bhfuil sé ag casadh san aer agus síneann sé anuas arís.

Cuir na páistí ina ngrúpaí de cheathrar. Caithfidh gach páiste a fhrása taistil a theagasc do baill eile an ghrúpa. Iarr orthu na frásaí a léiriú in éineacht a chéile, gan cheol ar dtús agus ansin le tionlacan ceoil.

Ceangail intreoir an damhsa leis an seiceamh taistil.

Struchtúr an Damhsa

Intreoir

  • Léimeann Uimh. 1 isteach sa fhráma reoite;
  • Léimeann Uimh. 2 isteach sa fhráma reoite;
  • Léimeann Uimh. 3 isteach sa fhráma reoite;
  • Léimeann Uimh. 4 isteach sa fhráma reoite; agus ansin
  • Léiríonn an grúpa iomlán le chéile ceithre chruth fráma reoite, san ord chéanna i ndiaidh a chéile, ag coinneáil gach ceann acu ar feadh ceithre shoicind.

Frásaí Taistil

  • Taistealaíonn an grúpa iomlán i ngach fráma reoite ar feadh ocht soicind.

Roghnaigh líon fhóirsteanach sna grúpaí, ag brath ar ábaltacht an ranga.

Gríosaigh na páiste an damhsa a leiriú dá chéile sa rang. Eagraigh an rang le go ndéanfadh leathchuid an ranga a léiriúchán agus an leathchuid eile ag amharc orthu. Spreag scileanna breithnithe na bpáistí trí thasc a thabhairt do gach beirt le comhlánú, mar shampla, roghnaigh grúpa amháin a amharcfaidh agus a ainmneoidh na spóirt a léiríonn na frásaí taistil. Tabhair am do gach beirt le smaoineamh a dhéanamh agus le haiseolais a thabhairt i ndiaidh an léiriúcháin.

Ceacht 3

Mínigh do na páistí go n-úsáidfidh siad gluaiseacht le mothúcháin a chur in iúl ina ndamhsa inniu.

Réamhaclaíocht
Achoimrigh na frásaí taistil a chruthaigh gach páiste sa cheacht dheireanach. Iarr orthu iad a léiriú mar réamhaclaíocht.

Gníomhaíocht
Ceiliúradh! Bhain tú bonn!
Cuir ceist ar na páistí faoi na dóigheanna a mbíonn daoine spóirt ag ceiliúradh go díreach i ndiaidh dóibh bonn a bhaint, cúl a scóráil nó cluiche a bhuachan. Mar fhreagraí samplacha:

  • léim suas agus síos;
  • bualadh bos; nó
  • cuaird onóra.

Iarr ar na páistí, ina ngrúpaí de cheathrar, seiceamh léime ceiliúrtha a phleanáil ar feadh ocht soicind. Is féidir leo úsáid a bhaint as:

  • léimeanna déchosacha;
  • léimeanna 2-1;
  • truslóga; and
  • preaba.

Ceadaigh go leor ama do na páistí a ngluaiseachtaí a chleachtadh agus a bheachtú

Léiríonn an grúpa iomlán a ngluaiseachtaí ag an am chéanna.

Roinn gach grúpa ina mbeirteanna agus iarr orthu seiceamh ceiliúrtha buailte bos a phleanáil ar feadh ocht soicind, mar shampla, buail an dá bhos in éadan bhos do pháirtithe ag leibhéal íseal, ag meánleibheál agus ag ardleibhéal.

Ina ngrúpaí níos mó, iarr ar na páistí cuaird onóra ar feadh ocht soicind a phleanáil, agus iad ag croitheadh láimhe ar an slua.

Iarr ar na páistí na míreanna seo a chur le chéile agus iad a léiriú ceann i ndiaidh a chéile.

Iarr ar na grúpaí léiriúchán a dhéanamh don chuid eile den rang. Eagraigh an rang mar a d'eagraigh tú roimhe é sa dóigh is go dtig leis na páiste na grúpaí eile a bhreithniú. Iarr ar na páistí gné amháin de dhamhsaí na ngrúpaí eile a thaitin leo a ainmniú, agus gné amháin a thiocfadh a fheabhsú, dar leo, a ainmniú (mar shampla comhuainiú, úsáid spáis, éagsúlacht gluaiseachta).

Tabhair am do gach grúpa le smaoineamh a dhéanamh agus le haiseolas a thabhairt i ndiaidh
gach léiriúcháin.

Cuir míreanna an damhsa le chéile le damhsa iomlán amháin a dhéanamh ar théama spóirt.

Struchtúr an Damhsa:

  • intreoir - Fráma Reoite (Ceacht 1);
  • taisteal an ghrúpa iomláin i ngach fráma reoite ar feadh ocht soicind;
  • seicheamh ceiliúrtha léime;
  • seicheamh ceiliúrtha buailte bos;
  • seicheamh ceiliúrtha cuarda onóraí.

Ceacht 4

Mnínigh do na páistí go n-úsáidfidh siad gluaiseacht le mír dheireanach a ndamhsa spóirt a fhiosrú.

Réamhaclaíocht
Achoimrigh na frásaí ceiliúrtha/buailte bos/cuarda onóraí a chruthaigh siad sa cheacht roimhe. Iarr orthu iad a dhéanamh mar réamhaclaíocht.

Gníomhaíocht
Searmanas Bonn
Pléigh leis na páistí an dóigh a mbronntar na boinn ag na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Téann buaiteoirí an bhoinn órga, an bhoinn airgid agus an bhoinn chré-umha triúr in airde ar an phóidiam. Tugann na buaiteoirí boinn céim chun tosaigh, agus bronnann duine eile an bonn orthu trína chur thart ar mhuineál na mbuaiteoirí nuair a chromann siad síos.

Iarr ar na páistí cinneadh a dhéanamh cé a bhronnfaidh na boinn agus cé a gheobhaidh iad. Iarr orthu an t-ord láithrithe agus bronnadh na mbonn a chleachtadh.

Tabhair tasc do na páistí tuilleadh gluaiseachta a chur le bronnadh na mbonn, trí roinnt de na gluaiseachtaí taistil a fiosraíodh i gCeacht 2 a chur leis. Mar shampla, thiocfadh le buaiteoir an bhoinn léim ar an phóidiam, tiontú agus lámh a chroitheadh agus é/í ag fáil an bhoinn.

Fótaichríoch
Iarr ar na páistí a ndamhsa a chríochnú i bhfráma reoite grúpa, amhail ghrianghraf do na nuachtáin, iad ag ceiliúradh bhaint na mbonn.

Cuir na míreanna damhsa ó na ceachtanna uilig le chéile le damhsa iomlán amháin a dhéanamh ar an téama spóirt.

Riachtanais

Ceol ar bith le buille gasta bríomhar

Áis

Cártaí Spóirt Oilimpeacha agus Parailimpeacha

Tuilleadh Eolais

Cluichí Oilimpeacha Rio 2016www.rio2016.com

Cluichí Parailimpeacha Rio 2016www.rio2016.com