Déanfaidh na páistí:
Scileanna Traschuraclaim:
Cumarsáide
Ba chóir daltaí a chumasú le labhairt go soiléir agus an dóigh a labhraíonn siad a chur in oiriúint don lucht éisteachta agus don ionad nó don chás.
Úsáid Matamaitice
Ba chóir daltaí a chumasú le:
Na Riachtanais Reachtúla:
Ba chóir go gcumasófaí daltaí le:
Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta:
Féin-bhainistiú
Déanfaidh daltaí:
Ag Obair le Daoine Eile
Déanfaidh daltaí:
Deiseanna Foghlama Nasctha:
Teanga agus Litearthacht
Beidh daltaí ábalta éisteacht le gluaiseachtaí, mothúcháin agus braistintí dá gcuid féin agus de chuid daoine eile, cur síos a dhéanamh orthu, iad a mheas agus a thuiscint.
Matamaitic agus Uimhearthacht
Beidh daltaí ábalta uimhreacha, fad, treo, am, cruth agus spás a úsáid le héagsúlacht agus caighdeán gluaiseachtaí a fheabhsú agus láimhseáil eolais agus áiseanna TFC a úsáid le haghaidh eolais mar gheall ar dhul chun cinn, mar shampla, lúthchleasaíocht, sláinte agus corpacmhainneacht;
Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint
Déanfaidh daltaí:
Is é ‘Níos Gasta, Níos Airde, Níos Láidre’ mana clúiteach na gCluichí Oilimpeacha. Is í an lúthchleasaíocht sárléiriú an mhana seo, mar éilíonn an comórtas go rithfidh na lúthchleasaithe níos gasta, go gcaithfidh siad níos airde, agus go léimfidh siad níos airde nó níos faide ná a gcéilí comhraic. Cuideoidh na gníomhaíochtaí sa roinn seo leis na daltaí tuilleadh fiosraithe a dhéanamh ar mhana na gCluichí Oilimpeacha trí pháirt a ghlacadh i ngíomhaíochtaí a dhíríonn ar chuidiú leo a bhfeidhmiúcháin lúthchleasaíochta a fheabhsú.
Bain úsáid as na scéimeanna oibre lúthchleasaíochta atá agat cheana féin do na gníomhaíochtaí ceachta ábhartha agus do na pointí teagaisc ar léith. Más féidir, iarr ar pháistí scileanna a léiriú do pháistí eile, agus cuir deiseanna ar fáil d’fhéinmheasúnú agus do phiarmheasúnú. Cuideoidh na gníomhaíochtaí atá i gceist le hullmhú d’Imeacht Spórt Oilimpeach agus Parailimpeach ag Eochairchéim 2.
Tá sé riachtanach réamhaclaíocht agus iar-aclaíocht a dhéanamh mar is ceart; teagasc na teicnící cearta, agus cuir na priacail sábhála uilig san áireamh, go háirithe sna gníomhaíochtaí caite agus léime.
Réamh-fhoghlaim
Ba chóir na gníomhaíochtaí seomra ranga a bhaineann leis an mhana Oilimpeacha a bheith déanta ag na páistí sa rannóg Cúlra na gCluichí Oilimpeacha. Ba chóir ciall an mhana a bheith pléite acu agus a bheith ábalta é a cheangal lena dtaithí féin
Idir dhá agus ceithre cheacht bunaithe ar an téama ‘Níos Gasta’
Iarr ar na páistí gníomhaíochtaí reatha a chleachtadh, ag obair ina n-aonair, ina mbeirteanna agus ina ngrúpaí. D’fhéadfaí gníomhaíocht ar bith orthu siúd thíos a úsáid.
Spreag na páistí a dteicníc reatha a chleachtadh thar achair ghairide (mar shampla cuir cóin amach 10 méadar óna chéile). Spreag iad leis an scil a bhriseadh síos trí:
Pléigh na difríochtaí idir na teicnící seo agus an tábhacht le do lámha a úsáid le cuidiú leat rith níos gasta. Spreag na páistí a gceann a choinneáil in airde agus amharc chun tosaigh, lámha agus cosa atá os comhair a chéile a bhogadh, agus a nglúine a choinneáil in airde agus a n-aghaidh chun tosaigh agus iad ag rith.
Thiocfadh leis na páistí triail a bhaint as seo fosta: siúl ar feadh 10 soicind, bogshodar ar feadh 10 soicind agus rith ráibe ar feadh 10 soicind, ag athdhéanamh an tseicimh seo cúpla uair.
Spreag na páistí an rith ráibe a chleachtadh thar 15 mhéadar trí rith a fhad le fonsa (), thart air agus ar ais arís. Iarr ar na páistí seo a dhéanamh roinnt uaireanta, á spreagadh feabhas a chur ar a dteicníc gach uair. Iarr orthu rith ina ngrúpaí de chúigear nó seisear. Breathnaigh agus meas a dteicníc agus tabhair aiseolas le linn agus i ndiaidh na ngníomhaiochtaí seo.
T -----------
T -----------
T -----------
T -----------
T -----------
T -----------
Eochair: T = tosaigh = fonsa
Athraigh shuíomh na líne tosaithe agus iarr ar na páistí tosú cromtha a dhéanamh, tabhair an t-ordú 'Réidh, Ar aire, Ar aghaidh!'
Rith Tointeála Sealaíochta
Cuir an rang ina ngrúpaí de cheathrar. Iarr ar pháiste amháin ó gach grúpa tosú ag an mharcóir Tosaithe (T). Déanfaidh siad rith ráibe chuig an chéad chón/fhonsa, () ansin ar ais chuig an tús, amach chuig an dara cón/fonsa agus ar ais chuig an tús, srl. Tosóidh an chéad pháiste eile sa ghrúpa nuair a bheidh an t-aistear chuig agus ar ais ó gach cón/fonsa críochnaithe ag an chéad pháiste. Caithfidh na páistí teagmháil a dhéanamh leis na cóin/fonsaí gach uair. Thiocfadh leo bata nó pónaireán a iompar lena thabhairt don chéad duine eile a luaithe agus atá a rith tointeála críochnaithe acu. Caithfidh an duine deireanach rith trid an líne chríche leis an rás a chríochnú dá ghrúpa. (Is gníomhaíocht mhaith í seo don lá spórt nó bíonn a lán páistí páirteach inti agus is féidir í a oiriúnú do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu.)
T -----------
------------------ C
T -----------
------------------ C
T -----------
------------------ C
T -----------
------------------ C
T -----------
------------------ C
Eochair: T = tosaigh = fonsa C = críoch
Is féidir leat an ghníomhaíocht seo a athrú trí:
Iarr ar na páistí rith ráibe a chleachtadh thar achar níos faide (mar shampla 30 méadar) riocht tosaithe ceart, an t-ordú ‘Réidh, Ar aire, Ar aghaidh’ agus líne chríche uilig in úsáid. Mol dóibh an teicníc cheart reatha a úsáid agus rith tríd an líne chríche in áit stopadh uirthi.
Spreag na páistí rásaí sealaíochta a chleachtadh ina ngrúpaí beaga, iad ag malartú an bhata láimhe. Cuir béim ar an teicníc cheart reatha agus an teicníc cheart mhalartaithe bata.
Spreag na páistí rith a chleachtadh agus bacainní in úsáid, mar shampla, rith agus iad ag iompar pónaireán, cón nó fáinníní, rith isteach is amach as bacainní, nó thar bhacainní.
Idir dhá agus ceithre cheacht bunaithe ar an téama ‘Níos Airde’
Iarr ar na páistí ina n-aonar, ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí beaga, gníomhartha léime a chleachtadh, mar shampla:
Is féidir go mbeidh na rudaí seo a leanas i gceist sna gníomhartha:
Na cúig léim bhunúsacha a chleachtadh:
Cuir béim ar thuirlingt go sábháilte i gcónaí. Ba chóir do na páistí na léimeanna seo thíos a chleachtadh ag am sosa, am lóin agus sa bhaile.
léim ar an spota a chleachtadh, imeacht de thalamh ar dhá chois agus tuirlingt ar dhá chois;
léim isteach is amach as fonsaí atá spréite amach ar an talamh a chleachtadh, dhá chois go dhá chois, nó ag tabhairt truslóige isteach agus amach as fonsaí;
rith gairid, imeacht de thalamh ar chos amháin agus tuirlingt ar dhá chois a chleachtadh; iarr ar na páistí léim chomh hard agus is féidir leo agus tuirlingt go sábháilte; agus
an cluiche froganna léime / foghlaithe - léimeann na páistí ó mhata go mata (bíodh fad éagsúil idir na mataí).
Léim le haghaidh Faid
Léirigh trí chéim na léime:
Tabhair am cleachta do na páistí. Déan cinnte go gcuimhníonn siad:
Aimsigh líne nó marc sa halla nó i spás taobh amuigh. Iarr ar na daltaí:
Beidh cead acu ansin léim ar aghaidh chomh fada agus is féidir leo, agus tuirlingt go sábháilte. Spreag na páistí le léim fada as seasamh a chleachtadh gach uair a dtagann siad ar líne nó marc, iad ag iarraidh a dteicníc agus a bhfad a fheabhsú gach uair.
Léim Fhada as Seasamh: Dúshlán
Cuir dúshlán faoi gach páiste a airde féin a léim. Iarr orthu seo a dhéanamh ina ngrúpaí de thriúr nó cheathrar, dhá mhata an grúpa. Iarr ar gach páiste luí síos ar a sheal ar an mhata agus a shála ar an líne imeachta. Cuirfidh ball eile grúpa marc ag an áit a bhfuil mullach cinn an pháiste. Caithfidh gach páiste iarracht a dhéanamh léim a fhad le marc a airde féin. Fiafraigh díobh cá mhéad léim a ghlacann sé lena n-airde féin a léim. An bhfuil duine ar bith ábalta léim níos faide ná a airde féin?
Léim le haghaidh Airde
Iarr ar na páistí machnamh a dhéanamh ar an teicníc atá de dhíth le léim le haghaidh airde, agus an teicníc a chleachtadh. Ba chóir do gach páiste:
Iarr ar na páistí, agus iad ag obair ina ngrúpaí de 2-4, bacainní ísle a léimfidh siad a leagan amach sa spás, mar shampla:
Iarr ar na páistí léim thar na cliatha ísle éagsúla a chleachtadh, iad ag bogshodar idir na bacainní / cliatha.
Tasc Léim Sargent
Agus na páistí ina ngrúpaí de thriúr, iarr orthu an léim cheartingearach (léim Sargent) a chleachtadh trí sheasamh cliathánach taobh le balla agus léim le imeacht de thalamh dhá chois. Ba chóir dóibh a nglúine a chromadh roimh imeacht de thalamh. Spreag iad le léím chomh hard agus is féidir leo le targaid ar an bhalla a bhualadh lena méara, agus le tuirlingt go sábháilte ar dhá chois agus a nglúine lúbtha.
I ngach grúpa beidh duine amháin ag léim, duine amháin ag teagasc agus ag ullmhú an léimneora, agus an tríú duine ag tomhas airde na léime ar an bhalla le píosa cailce nó téipe. Spreag na páistí seo a chleachtadh agus a athdhéanamh, ag iarraidh na hairde a léim siad a fheabhsú gach uair. Má bhuaileann siad a dtargaid, bog níos airde é.
Spreag na páistí rith agus léim thar chliatha beaga a chleachtadh, ag díriú ar an teicníc cheart gach uair. Iarr orthu a bheith ag smaoineamh ar cén chos lena n-imeoidh siad de thalamh le léim thar an chliath (mínigh dóibh go dtugtar ‘cos chun tosaigh’ air seo sa lúthchleasaíocht). Spreag iad le cleachtadh a dhéanamh leis an dá chois, agus fág fúthu é cinneadh a dhéanamh cé acu is compórdaí nó is éasca le húsáid.
Cliatha: Dúshlán
) atá leagtha amach cúig mhéadar óna chéile. Caithfidh siad rith tríd an líne le bualadh tadhlach a dhéanamh leis an chéad duine eile sa ghrúpa, a athdhéanfaidh an seicheamh agus a léimfidh thar na cliatha sa treo eile. Lean ar aghaidh leis seo go dtí go mbeidh an rás déanta ag gach duine sa ghrúpa faoi dhó.
1,2 3,4
1,2 3,4
1,2 3,4
1,2 3,4
1,2 3,4
Eochair: = Cliath páiste 1, 2, 3 agus 4 sa ghrúpa
Idir dhá agus ceithre cheacht bunaithe ar an téama ‘Níos Láidre’
Iarr ar na páistí a bheith ag obair ina n-aonar, ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí beaga, le gníomhaíochtaí caite a chleachtadh le réimse de threalamh, ina measc:
Bíodh aird agat ar shábháilteach na bpáistí uilig, le do thoil, nuair atá réada á gcaitheamh
Gníomhaíochtaí féidearthachta:
Na páistí ag comhoibriú le chéile ina bhfoirne de cheathrar nó de chúigear, iarr orthu gníomhaíocht amháin a shocrú don rith, don chaitheamh agus don léim ar féidir í a thomhas nó pointí a bhronnadh uirthi. Mar shampla, is féidir pointí a bhronnadh ar chaitheamh thar achair áirithe don chaitheamh thar ceann suite, nó thiocfadh le gach foireann pointí a thuilleamh as an rás tointeála pónaireáin a chríochnú mar is ceart. B'fhéidir gur mhaith leatsa na trí ghníomhaíocht a roghnú, nó cead votála a thabhairt don rang ar na gníomhaíochtaí/rásaí ar bhain siad an sult is mó astu le linn na gceachtanna seo. Seo thíos sampla de thrí ghníomhaíocht:
Más gá, déan cleachtadh nó léiriú ar gach gníomhaíocht agus comhaontaigh córas scórála cuí do gach gníomhaíocht/rás. Bíodh mionchomórtas agaibh, agus iarr ar na daltaí na gníomhaíochtaí a dhéanamh agus a dtorthai a bhreacadh ar Cárta Scórála.
Ar ais sa rang, iarr ar na páistí torthaí na foirne a bhreacadh agus faigh amach cén fhoireann a bhfuil na pointí is mó aici. Is féidir leo na torthaí a bhreacadh ar an dara leathanach de Cárta Scórála agus iad a thaispeáint le réimse de bhogearraí TFC.
Pléigh dóigheanna a dtiocfadh leis na páistí a bhfeidhmiúchán a fheabhsú, na himeachtaí is ráthúla a bhí acu, cé chomh maith agus a d'oibrigh siad le chéile mar fhoireann agus an tábhacht a bhaineann le do dhícheall a dhéanamh. Iarr ar an rang a bheith ag smaoineamh ar na daoine a léirigh na luachanna Oilimpeacha éagsúla. Féach Cad iad na Luachanna atá agat? le tuilleadh eolais a fháil ar na luachanna Oilimpeacha agus Parailimpeacha.
B'fhéidir go mbeadh sé úsáideach an ghníomhaíocht lúthchleasaíochta chomhcheangailte seo a dhéanamh dhá nó trí huaire agus na páistí ag obair sna grúpaí céanna nó i ngrúpaí difriúla. Is féidir leat na trí imeacht roghnaithe a úsáid in Imeacht Oilimpeach agus Parailimpeach na Scoile. Ba chóir go mbeadh na gníomhaíochtaí uilig déanta, cleachtaithe agus feabhsaithe ag na páistí ina bhfoirne roimh imeacht na scoile.
Áiseanna corpoideachais, ina measc:
pónaireáin, liathróidí beaga, sleánna cúrphlaisteacha, meáchain chúrphlaisteacha, teasca cúrphlaisteacha, uibheacha agus spúnóga, cliatha beaga, miosúr, cóin, marcanna, téip/rópa/líne chríche, líontáin
Áiseanna ar leith do Boccia, nó áiseanna reatha a oiriúnú