Thart ar an Domhan

+ -
Spriocanna Foghlama

Beidh na daltaí:

  • eolach ar réimse iomaitheoirí agus gníomhartha spoirt ó na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha;
  • ag foghlaim faoi roinnt tíortha a bheidh ag dul san iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha; agus
  • eolach ar an ilchineálacht sa seomra ranga agus sa scoil.
+ -
Naisc Churaclaim

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint
Ba chóir go gcumasóidh na múinteoirí na daltaí le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt sna rudaí seo:

  • meas a bheith acu ar éagsúlacht agus ilchineálacht chultúrtha, agus iad a cheiliúradh; agus
  • ról gníomhach bríoch a ghlacadh i saol an phobail agus suim a chur sa mhórthimpeallacht níos leithne.

An Domhain Thart Orainn
Ba chóir go gcumasóidh na múinteoirí na daltaí le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt i:

  • an dóigh a n-idirghníomhaíonn siad féin agus daoine eile sa domhan; agus
  • na hiarmhairtí a bhíonn le hathruithe dearfacha agus diúltacha ar bhonn domhanda agus an dóigh a gcuirimid le cuid de na hathruithe sin.

Cumarsáid
Ba chóir go gcumasófaí daltaí le:

  • barúlacha a thabhairt, ceisteanna a chur agus freagairt do dhearcadh daoine eile;
  • smaointe a fhorbairt, a chur in iúl agus a chur i láthair i réimse foirmeacha agus formáidí, ag úsáid áiseanna traidisiúnta agus digiteacha do réimse lucht éisteachta agus cuspóirí.

Úsáid TCF
Ba chóir go gcumasófaí daltaí le:

  • faisnéis ó fhoinsí atá sábháilte agus iontaofa a rochtain, a roghnú, a léirthuiscint agus taighde a dhéanamh air;
  • smaointe agus faisnéis a chruthú, a fhorbairt, a chur i láthair agus a chur i gcló go freagrach le húsáid réimse meán digiteacha, agus réimse socmhainní a láimhsiú le táirgí ilmheánacha a chruthú;
  • obair a phlé, a athbhreithniú agus a fheabhsú, ag smaoineamh ar an phróiseas agus a thoradh, agus a machnamh a dhéanamh ar na foinsí agus ar na háiseanna a úsáideadh, a sábháilteacht, a n-iontaofacht agus a n-inghlacthacht san áireamh; agus
  • a gcuid oibre stóráilte a chur i láthair agus a bhfoghlaim trasna an churaclaim a thaispeáint, ag úsáid TFC go sábháilte agus go freagrach.

Ag Obair le Daoine Eile
Déanfaidh daltaí:

  • an nós le déanamh sealaíochta, le roinnt agus le comhoibriú a fhorbairt; agus
  • freagracht phearsanta a ghlacadh as obair le daoine eile agus a rannpháirtíocht féin sa ghrúpa a mheas.

Deiseanna Foghlama Nasactha:
An Corpoideachas - Nasc le gníomhartha ar spóirt trialach.

Seasann na fáinní Oilimpeacha atá dubh, gorm, buí, dearg, agus glas ar chúlra bán (ceann de na siombailí is cáiliúla ar an domhan) do na cúig cheantar ar an domhan atá páirteach sna Cluichí Oilimpeacha. Cuirtear Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas le chéile, mar aon leis an Afraic, a Astráil, An Áise agus an Eoraip. Bain úsáid as an mhíniú sin de na Fánní Oilimpeacha leis an cheacht faoin dóigh idirnáisiúnta a bhaineann leis na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha a thosú. Taispeáin íomhánna de na Fáinní ó Olympic.org ar an chlár bhán idirghníomhach.

Laochra Spóirt Idirnáisiúnta

Agus na páistí ag obair i ngrúpaí, iarr orthu curadh Oilimpeach agus curadh Parailimpeach (fear agus bean) a aimsiú ó thíortha taobh amuigh d’éireann agus den Bhreatain. Cuireann siad an bheirt laochra i láthair a chuid eile den rang ansin.

Breac na tíortha as a dtagann na curaidh ar léarscail an domhain ar an chlár bhán idirghníomhach.

Na Spóirt is Eol Dúinn agus Nach Eol Dúinn go Fóill

Gearr amach na Olympic and Paralympic Sports Cards agus cuir isteach i málaí difriúla iad. Cuir roinnt cártaí breise isteach i ngach aon mhála lena chinntiú go mbeidh cárta amháin as gach mála ag gach páiste.

Iarr ar na páistí spórt amháin a bhaint as gach mála. Iarr orthu tuilleadh eolais a fháil amach faoin dá spórt a roghnaigh siad. Iarr orthu leathán nó bileog fíricí a chruthú, i bhformáid thraidisiúnta nó dhigiteach, le páistí eile a chur ar an eolas faoi na spóirt.

Mar rang, roghnaigh dhá spórt nua faoi choinne seisiún trialach: spórt Oilimpeach amháin agus spórt Parailimpeach amháin.

Ilchineálacht a Fhiosrú

Is iomaí difear idir daoine ar fud an domhain. Mar an gcéanna leis na daoine i do rang. úsáid an gníomhaíocht ‘Biongó na nDaoine’ leis seo a léiriú. Tabhair píosa páipéir le roinnt buanna, tréithe agus gnéithe eagraithe ar eangach do gach páiste. Iarr ar na páistí daltaí sa rang a bhfuil na cáilíochtaí seo acu a aimsiú. Dear an liosta buanna/tréithe de réir an eolais atá agat féin ar an ilchineálacht atá i do rang; mar shampla aimsigh duine:

  • a d’fhreastail ar scoil eile;
  • a dtig leis cúpla focal a rá i dteanga eile seachas Gaeilge/Béarla;
  • a chaith am san otharlann;
  • ar maith leis bia ó thír eile; nó
  • ar ball é de chumann áitiúil nó d’eagraíocht.

Ba chóir do na páistí meascadh lena chéile, ag cur ceisteanna ón bhileog ar a chéile. Nuair a aimseoidh páiste páirtí ranga a bhfuil an tréith nó gné aige, iarrfaidh sé air a ainm a shíniú ar an bhileog. Níor chóir do pháiste bileog páiste eile a shíniú ach uair amháin. Socraigh cá huair a scairtfear ‘Biongó’, .i. nuair a comhlánófar sraith, colún nó bileog.

Ag deireadh na gníomhaíochta, ag glacadh gach bosca i ndiaidh a chéile, scairt amach an critéar agus iarr ar na daltaí comhartha a thabhairt má chomhlánaíonn siad é. Sa dóigh seo, feicfidh na daltaí go furasta cad é atá acu i gcomhpháirt le chéile agus na difríochtaí atá eatarthu.

Cuir tús le tuilleadh plé trí na ceisteanna seo a leanas:

  • An raibh sé níos fusa ceisteanna áirithe a fhreagairt ná ceisteanna eile? Cad chuige?
  • Ar fhoghlaim tú rud ar bith nua faoi dhuine ar bith? An raibh iontas ort? Cad chuige?
  • An raibh réamhthuairimí agat faoi dhuine ar bith eile? Cad iad?
  • Cad é a d’fhoghlaim tú trí ‘Biongó na nDaoine’ a imirt?
  • Cad é an chomhairle a thig leat a thabhairt anois do dhaoine atá ag bualadh le chéile nó ag foghlaim faoina chéile den chéad uair?

Gníomhaíochtaí Breise

Faigh amach cá mhéad cultúr agus náisiúntacht atá i do scoil. Cuir fáilte roimh dhaoine ó chultúir eile trí áiteanna difriúla sa scoil, cosúil leis an oifig, an halla, an bhialann, agus na leithris, a ainmniú sna teangacha difriúla sin.

Iarr cead orthusan a tháinig chun na scoile ó thíortha eile grianghraf beag dá dteaghlach a chur ar a dtír dhúchais. Is féidir, ar chúiseanna difriúla, gur bhog teaghlaigh áirithe ó thír go tír agus nach mhothaíonn siad gur as aon tír ar leith iad. Iarr orthu tír a roghnú a sheasfadh dóibh.

Fiosraigh ról deonach i saol na bpáistí. Más baill iad d'eagraíochtaí sa phobal áitiúil, déan cinnte go bhfuil a fhios acu cad é mar a chuidíonn deonaigh leis an eagraíocht i soláthar deiseanna do dhaoine óga. Spreag tuilleadh plé trí na ceisteanna seo a leanas:

  • Cén sórt poist a dhéanann siad?
  • Cad iad na cáilíochtaí atá acu?
  • Cá mhéad ama a thugann siad gach seachtain don eagraíocht?
  • Cad chuige ar shocraigh siad obair dheonach a dhéanamh, do bharúil?
  • Cad iad na luachanna Oilimpeacha agus Pairilmpeacha a léiríonn siad?
  • Cad iad na róil atá ag deonaigh sna Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha?

Is féidir leat áiseanna a fháil ar shuíomh Games Maker.

Riachtanais

Rochtain ar an idirlíon

Clár bán idirghníomhach

National Olympic Committeeswww.olympic.org

Olympic Athleteswww.olympic.org

Olympic Sports Cardswww.ccea.org.uk

Deloitte Parasportparasport.org.uk

International Volunteer Day: Thank you to those who help make the Games happen!www.olympic.org

Rio 2016 opens volunteer training centre and starts selection processwww.olympic.org