Is deiseanna foghlama agus teagaisc struchtúrtha iad na gníomhaíochtaí seomra ranga agus leagtar béim ar na luachanna Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Mar sin de, tá eilimint láidir de Forbairt Phearsanta agus Chomhthuiscint ag baint leo. Baineann na gníomhaíochtaí leis na Réimsí Foghlama eile chomh maith.
Gníomhaíocht | Cur Síos | Réimse Foghlama | Scil Thraschuraclaim | Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Phearsanta |
---|---|---|---|---|
Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha | Déanann na páistí taighde ar na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha ársa agus nua, ansin cruthaíonn siad léiriú ar a dtorthaí. | Forbairt Phearsanta & Comhthuiscint An Domhan Thart Orainn |
Cumarsáid Úsáid TFC (Tasc Podcraolta) |
Bainistiú Eolais Ag Obair le Daoine Eile |
Cad iad na Luachanna atá agat? | Fiosraíonn na páistí luachanna na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Foghlaimíonn siad na luachanna seo a aithint ina n-iompar féin agus in iompar daoine eile. Cruthaíonn siad podchraoladh faoi na luachanna do pháistí eile sa scoil. | Forbairt Phearsanta & Comhthuiscint | Úsáid TFC Cumarsáid |
Smaointeoireacht, Fadhbréiteach agus Cinnteoireacht |
Rio 2016 | Faigheann na páistí níos mó amach faoi Rio de Janiero, an Bhrasaíl, an tíreolaíocht, an saol agus an cultúr a bhaineann léi. | Na hEalaíona | Ag Obair le Daoine Eile Smaointeoireacht, Fadhbréiteach agus Cinnteoireacht | |
Thart ar an Domhain | Fiosraíonn na páistí gné idirnáisiúnta na gCluichí. Faigheann siad amach faoi laochra spóirt Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Amharcann siad ar spóirt nach bhfuil siad chomh heolach sin orthu. Sa deireadh, fiosraíonn an ilchineálacht atá ina scoil féin. | Forbairt Phearsanta & Comhthuiscint An Domhan Thart Orainn |
Úsáid TFC (Poster Magic & Web Task) |
Ag Obair le Daoine Eile |
Bratacha agus Siombailí | Ag amharc ar bhratacha ó áiteanna éagsúla sa domhain, agus an chiall atá leo, fiosraíonn na páistí siombailí de chuid na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Úsáideann siad an comhthéacs seo le gnéithe a bhaineann le féiniúlacht phearsanta agus chultúrtha a fhiosrú. | Forbairt Phearsanta & Comhthuiscint An Domhan Thart Orainn |
Cumarsáid | Féinbhainistiú |