Cad iad na luachanna atá agat?

+ -
Spriocanna Foghlama

Déanfaidh na daltaí:

  • na luachanna Oilimpeacha agus Parailimpeacha a fhiosrú;
  • machnamh ar a luachanna féin;
  • spriocanna pearsanta a bhaineann leis na luachanna Oilimpeacha agus Parailimpeacha a shainaithint; agus
  • TFC a úsáid leis na luachanna Oilimpeacha agus Parailimpeacha a mhíniú do pháistí eile.
+ -
Naisc Churaclaim

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint
Ba chóir go gcumasódh na múinteoirí daltaí le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt sna rudaí seo:

  • a bhféinmheas agus a bhféinmhuinín agus an dóigh a bhforbraíonn siad mar dhaoine aonair;
  • réimse braistintí agus mothúchán a láimhseáil, ?agus braistintí agus mothúcháin daoine eile a láimhseáil;
  • cearta daonna agus freagracht shóisialta;
  • foinsí coimhlinte agus freagairtí cuí; agus
  • meas a bheith acu ar éagsúlacht agus ilchineálacht chultúrtha, agus iad a cheiliúradh.

An Domhan Thart Orainn
Ba chóir go gcumasódh na múinteoirí daltaí le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt in:

  • an dóigh a n-idirghníomhaíonn siad féin agus daoine eile sa domhan; agus
  • dóigheanna a n-imríonn áiteanna tionchar ar nádúr na beatha.

Cumarsáid
Ba chóir go gcumasófaí páistí le:

  • barúlacha a thabhairt, ceisteanna a chur, agus freagairt do dhearcadh daoine eile; agus
  • eolas ó réimse foinsí a aimsiú, a roghnú agus a úsáid.

Úsáid TFC
Ba chóir go gcumasófaí daltaí le smaointe agus faisnéis a chruthú, a fhorbairt, a chur i láthair agus a fhoilsiú ag úsáid réimse meán digiteach.

Smaointeoireacht, Fadhbréiteach agus Cinnteoireacht
Déanfaidh daltaí:

  • naisc idir cúis agus iarmhairt; agus
  • roghanna a scrúdú agus buntáistí agus míbhuntáistí a mheas.

Féinbhainistiú
Beidh daltaí:

  • eolach ar a láidreachtaí, a laigí agus ar a réimsí spéise pearsanta; agus
  • ag leagan amach agus ag athbhreithniú spriocanna pearsanta.

Corpoideachas
Déanfaidh na daltaí naisc leis na gnéithe praiticiúla de na cláir lúthchleasaíochta, cluichí, aclaíochta agus snáimh.

Gníomhaíocht

Tugann fiosrú na luachanna Oilimpeacha agus Parailimpeacha deis iontach dúinn ár luachanna féin a cheistiú. Sa ghníomhaíocht seo, smaoineoidh na páistí faoina luachanna agus cuirfidh siad iad i gcomparáid le:

  • na luachanna Oilimpeacha cairdeas, meas agus feabhas; agus
  • na luachanna Parailimpeacha diongbháilteacht, misneach, comhionnanas agus spreagadh.

Nuair atá an ghníomhaíocht seo críochnaithe acu, ainmneoidh na daltaí agus na daoine fásta sa rang páirtithe ranga a léirigh ceann de na luachanna go han-mhaith.

Luachanna Oilimpeacha agus Parailimpeacha

Bain úsáid as an ghníomhaíocht Timpeallán le gach luach Oilimpeach agus Parailimpeach a fhiosrú ar a sheal.

Cuir an rang ina seacht ngrúpa. Tabhair leathanach mór páipéir do gach grúpa le luach amháin Oilimpeach nó Parailimpeach scríofa ar a lár.

Iarr ar gach grúpa focail, íomhánna, frásaí agus/nó gníomhartha a cheanglaíonn siad leis an luach a chur ar an leathanach. I ndiaidh cúig bhomaite, iarr ar na grúpaí dul chuig an chéad luach eile.

Reáchtáil seisiún faisnéisithe le dul trínar breacadh ar gach leathanach agus le haon fhreagraí déchiallacha a shoiléiriú. Taispeáin do na daltaí an físeán Luachanna Oilimpeacha agus Parailimpeacha ón suíomh idirlín www.olympic.org.

Fiafraigh de na daltaí ar fhoghlaim siad rud ar bith nua. Cad iad na dóigheanna arbh fhéidir leo iarracht a bheith difriúil a dhéanamh? Cad é a thiocfadh leo a dhéanamh níos fearr ar scoil?

Scéal Jemma
Seinn an físeán 8 mbomaite ar shuíomh British Council Schools Online a thugann scéal Jemma, cailín atá 13 bliana ón Bhreatain Bheag, an duine ab óige riamh ar fhoireann na Breataine Móire a bhí páirteach sna cluichí Oilimpeacha sa Ghréig sa bhliain 2011.

Pléigh na luachanna a thaispeáin Jemma ar turas Oilimpeach s’aici leis an rang.

Bí i do Laoch
Seinn an ghearrthóg 1 bhomaite ‘Be a Champion’ a insíonn Liam Neeson ó shuíomh Chluichí Oilimpeacha Speisialta na héireann.

Laochra áitiúla
Faigh amach an bhfuil eolas ag na daltaí faoi luthchleasaí Oilimpeacha nó Parailimpeacha ó thuaisceart na héireann.

Agus an rang ag obair i seacht ngrúpa arís, tabhair ainm laoch nó iomaitheoir Oilimpeach nó Parailimpeach ó thuaisceart na héireann agus iarr orthu an méid eolais agus is féidir a fháil amach faoin duine spóirtiúil leis an eolas sin a chur i láthair an ranga. Tá roinnt moltaí thíos le tús a chur leis an ghníomhaíocht.

Luthchleasaí Spórt Baile Dúchais
Ken McArthur Cluichí Raoin is Faiche Baile Monaidh
Mary Peters Peantatlan agus Caitheamh Meáchain Béal Feirste
Sean McCartan Gleacaíocht agus Sciáil Béal Feirste
Richard Chambers Rámhaíocht Cúl Raithin
Paddy Barnes Dornálaíocht Béal Feirste
Laura Keenan 25 méadar & Caitheamh bogliathróide Co. Fhear Manach
Wendy Houvenaghd Rothaíocht Áth an Phortáin
Rory McIlroy Galf Ard Mhic Nasca
Aileen Morrison Trí-atlan Doire
Lisa Kearney Judoka Béal Feirste

I ndiaidh do gach grúpa an cur i láthair a dhéanamh, iarr ar gach duine sa rang smaoineamh ar na luachanna Oilimpeacha agus Parailimpeacha agus vóta a chaitheamh don laoch áitiúil is fearr. Thig an t-eolas seo ar an laoch spóirtiúil seo ar laochra spóirtiúla eile a chur san áireamh don chur i láthair don Lá Spóirt.

Riachtanais

Rochtain ar an idirlíon

Seacht leathán mór páipéir

Clár bán idirghníomhach

Teacher's Tool Kitwww.olympic.org

How to… embrace the Olympic Values! www.olympic.org

Wales: Jemma’s Journey to Compete in the Special Olympics in Greecebritishcouncil.org

Special Olympicswww.specialolympics.ie

Áis

Teimpléad Luachanna i nGníomh

Tuilleadh Eolais

Cionn is go mbeidh na daltaí ag plé luachanna, agus go minic is luachanna an teaghlaigh uilig iad, ba chóir duit tuismitheoirí/cúramóirí a chur ar an eolas faoin ghníomhaíocht seo.

Is ar pháistí níos sine aá an suíomh idirlín Inspire/Aspire dírithe, ach tugann sé eolas agus áiseanna atá úsáideach agus tú ag fiosrú na topaice seo.