Tóirse Oilimpeach

+ -
Spriocanna Foghlama

Déanfaidh na páistí:

  • cruthú, cleachtadh agus léiriú seicheamh gluaiseachtaí ar théama Shealaíocht an Tóirse Oilimpigh;
  • gluaiseachtaí agus gothaí a úsáid le smaointe agus mothúcháin a chur in iúl; agus
  • oibriú le daoine eile go héifeachtach.
+ -
Naisc Churaclaim

Corpoideachas
Ba chóir go gcumasófaí daltaí le:

  • leanúint ar aghaidh ó bheith ag úsáid gluaiseachtaí agus gothaí simplí go ndéanfar iad seo a fhorbairt ina sraith de ghluaiseachtaí struchtúrtha, seicheamhacha agus comhordaithe agus athróga amhail spás, treo agus luas in úsáid;
  • a gcuid gluaiseachtaí a fhorbairt go forchéimnitheach ar bhonn aonair; i mbeirteanna, i dtriúir, i ngrúpaí beaga; agus i ngrúpaí is mó ;
  • úsáid níos éifeachtaí de leibhéil spáis, treonna, luais agus neart a fhorbairt;
  • gluaiseacht le smacht, comhordú agus staidiúir mhéadaithe, agus réimse de ghníomhuithe agus de ghothaí, a léiríonn smaointe agus mothúcháin, in úsáid;
  • seichimh ghluaiseachtaí a chruthú, a chleachtadh agus a chur i bhfeidhm, réimse spreagthach in úsáid agus iad os comhair lucht féachana;
  • damhsaí a struchtúrú le tús, lár agus deireadh soiléir;

Cumarsáid
Ba chóir go gcumasófaí daltaí le:

  • páirt a ghlacadh i bplé, míniú, rólghlacadh agus cur i láthair agus éisteacht leo;
  • barúlacha a thabhairt, ceisteanna a chur agus freagairt do dhearcadh daoine eile;
  • eolas, smaointe, tuairimí, mothúcháin agus samhluithe a chur in iúl trí stór focal atá ag
  • méadú; agus
  • modhanna neamhbhriathartha a úsáid le smaointe a chur i láthair agus le dul i dteagmháil leis an éisteoir.

Ag Obair le Daoine Eile
Deanfaidh daltaí:

  • éisteacht go gníomhach agus barúlacha a roinnt;
  • an nós le déanamh sealaíochta, le roinnt agus le comhoibriú a fhorbairt;
  • aiseolas a thabhairt agus freagairt dó;
  • freagracht phearsanta a ghlacadh as obair le daoine eile agus a rannpháirtíocht féin sa
  • ghrúpa a mheas;
  • bheith cothrom;
  • meas a léiriú ar dhearcadh agus ar bharúlacha daoine eile, teacht ar chomhaontú trí idirbheartaíocht agus chomhréiteach; agus moltaí a thabhairt faoi dhóigheanna lena gcur chuige maidir le comhoibriú a fheabhsú

Bheith Cruthaitheach
Déanfaidh daltaí:

  • smaointe agus ceisteanna a thriail;
  • naisc nua a dhéanamh idir smaointe/eolas;
  • foghlaim ó smaointe daoine eile agus a luach a thabhairt dóibh; agus
  • smaointe a fhíorú trí thriail a bhaint as dearadh, gníomhartha agus torthaí difriúla;

Ligeann an ghníomhaíocht seo do na daltaí a ndamhsa nó a ndréacht ghluaiseachta féin a fhorbairt bunaithe ar an siombalachas agus an tábhacht a bhaineann leis an Tóirse Oilimpeach. d'fhéadfadh sé seasamh laistigh d'aonad oibre damhsa Eochairchéim 2, ag cur le scileanna gluaiseachta na bpáistí, nó mar ghníomhaíocht neamhspleách dhá nó trí seachtaine. d'fhéadfá an damhsa deiridh a úsáid mar shearmanas tosaigh ag lá spóirt le teáma Oilimpeach, nó mar phíosa do thionól scoile. B'fhéidir gur mhaith leat an ghníomhaíocht seo a dhéanamh i ndiaidh na gníomhaíochta seomra ranga Bratacha agus Siombailí a chríochnú. Tá sé úsáideach má tá a dtóirsí Oilimpeacha féin cruthaithe ag na páistí don ghníomhaíocht seo. Tá cúpla nasc sa cholún ar dheis le tuilleadh eolias a fháil maidir leis an dóigh le toirse a dhéanamh.

Gníomhaíocht

Ceacht 1

Achoimrigh leis na páistí an méid a d'fhoghlaim siad sa ghníomhaíocht seomra ranga Bratacha agus Siombailí faoin Sealaíocht Tóirse Oilimpeach. Don phíosa seo den damhsa ba chóir go mbeadh na páistí eolach ar:

  • tábhacht an Tóirse Oilimpigh; agus
  • mar a lastar an Tóirse Oilimpeach.

Roinn Damhsa 1: Lasadh na Lasrach

Ina spásanna féin iarr ar na páistí tosú i riocht cromtha. Ar d'ordú, ba chóir do na páistí fás isteach i riocht sínte agus a lámha in airde chuig an spéir amhail is dá mbeidís ag coinneáil an tóirse thuas ag an ghrian lena lasadh don tsealaíocht. I ndiaidh dóibh síneadh go hiomlán, ba chóir dóibh sleamhnú ar ais go dtí an riocht cromtha.

Cuir na páistí ina ngrúpaí de cheathrar. Iarr ar na páistí an ghluaiseacht lasta tóirse a dhéanamh arís mar ghrúpa. Spreag iad an comhuainiú agus an fócas a chomhordú trí fhás go mall le chéile, trí shíneadh sa treo chéanna agus trí shleamhnú síos ag an am chéanna.

Iarr ar gach grúpa iad féin a shamhlú ina lasair agus an tóirse Oilimpeach á lasadh. Iarr orthu tosú agus iad cromtha, le gluaiseachtaí géaga coirp (lámha/sciatháin amháin ag casadh agus ag tiontú os a gcionn). Is féidir leo ansin a sciatháin a ardú os cionn a gceann, ag casadh a sciathán thart ar a chéile. Ansin éiríonn siad go mall ina seasamh, a lámha ag casadh i rith an ama. Agus iad ina seasamh, ba chóir dóibh gluaiseachtaí coirp iomláine a úsáid, ag tiontú/suaitheadh ar an spota agus ansin isteach is amach trína chéile ach an grúpa a choinneáil teann.

Iarr ar na páistí leibhéil a athrú, ag fás ó íseal go dtí ard mar a lastar an lasair.

B'fhéidir gur mhaith leat fearais a úsáid don damhsa leis na lasracha a léiriú (mar shampla ribíní daite, páipéar síoda dearg/oráiste).

Ceacht 2

Don roinn seo den damhsa caithfidh na páistí a bheith eolach ar:

  • tábhacht na sealaíochta tóirse;
  • mar a thugtar an tóirse ó iompróir amháin go hiompróir eile;
  • cén uair agus cá háit a dtarlóidh an tsealaíocht i dTuaisceart éireann.

Roinn Damhsa 2: An tSealaíocht Tóirse

Mura bhfuil mórán taithí ag na páistí ar an damhsa/gluaiseacht, b?fhéidir go mbeadh sé úsáideach an réamhaclaíocht seo a leanas a dhéanamh, le bealaí taistil éagsúla a fhiosrú. Cuideoidh sé seo leis na páistí smaointe difriúla a úsáid ina gcuid oibre níos moille sa cheacht.

Réamhaclaíocht

Ina spásanna indibhidiúla, iarr ar na páistí céad litir a n-ainm baiste a mharcáil amach trí shiúl. Ba chóir dóibh an litir a dhéanamh chomh mór agus is féidir leo, gan bualadh i gcoinne a chéile. Iarr orthu bealach difriúil le taisteal ar a gcosa a roghnú agus an litir a mharcáil amach arís leis an mhodh taistil seo. úsáid léirithe páistí le smaointe a aithint agus a roinnt lena chéile.

Ina spásanna indibhidiúla, iarr ar na páistí céad litir a sloinne a mharcáil amach le bealach taistil nár úsáid siad cheana inniu. Ba chóir dóibh an litir a dhéanamh chomh mór agus is féidir leo, gan bualadh i gcoinne a chéile.

Ansin, iarr ar na páistí an dá litir a chur le chéile.

Gníomhaíocht

Cuir na páistí ina ngrúpaí de cheathrar. Iarr orthu uimhreacha 1 - 4 a thabhairt orthu féin agus mínigh dóibh go mbeadh seal ag gach páiste a bheith ina ‘phríomh-iompróir tóirse’ sa ghrúpa.

Ansin, beireann siad greim láimhe ar an tóirse samhlaitheach. Is é páiste uimhir 1 an chéad iompróir tóirse sa tsealaíocht. Caithfidh sé/sí rian agus modh taistil a roghnú. Leanann baill eile an ghrúpa an t-iompróir tóirse.

Tugann páiste uimhir 1 an tóirse do pháiste uimhir 2. Caithfidh sé/sí rian difriúil agus modh taistil difriúil a roghnú. Leanann an chuid eile den ghrúpa an t-iompróir tóirse.

Lean ar aghaidh ar an dóigh seo go dtí go raibh gach ball grúpa ina iompróir tóirse.

Iarr ar na hiompróirí tóirse:

  • modh taistil difriúil a roghnú (mar shampla scipeáil, sleaschéimniú, tiontú, truslóg, ar cosa in airde nó preababh); agus
  • rian eile a aithint (mar shampla, fiarthrasna, fiarlán, ciorclach nó cearnógach.

Cuir na míreanna damhsa le chéile le damhsa iomlán amháin a dhéanamh bunaithe ar théama an Tóirse Oilimpeach. Déan cleachtadh gan cheol ar dtús agus ansin le tionlacan ceoil.

Struchtúr an Damhsa

Roinn 1: Lasadh na Lasrach

  • fás go fadálach agus sínigh chuig an ghrian leis an lasair a lasadh;
  • i ngrúpa, éiríonn na páistí ina lasair a lastar.

Roinn 2: An tSealaíocht Tóirse

  • Ina ngrúpaí, cuireann na páistí an lasair ó iompróir tóirse go hiompróir tóirse eile, gach iompróir ag leanúint rian difriúil agus ag úsáid gluaiseachtaí taistil difriúla.

Ceacht 3

Don roinn seo den damhsa ba chóir do na páistí a bheith eolach ar:

  • is é lasadh an Choire Oilimpigh toradh na Sealaíochta Tóirse; agus
  • ciallaíonn lasadh an Choire Oilimpigh go bhfuil na Cluichí Oilimpeacha tosaithe.

Roinn Damhsa 3: Lasadh an Choire

Cuir na páistí ina ngrúpaí de cheathrar nó de chúigear. Cuirfidh an t-iompróir tóirse deireanach sa tsealaíocht an lasair isteach sa choire le linn Shearmanais Tosaigh na gCluichí Oilimpeacha. Léireoidh baill eile an ghrúpa lasadh na lasrach sa choire.

An tIompróir Tóirse
Spreag an t-iompróir tóirse lena ghothaí a dhéanamh mór agus aibhéalta agus é ag pleanáil na dóighe a léireoidh sé lasadh na lasrach trí ghluaiseachtaí agus ghothaí, mar shampla:

  • seas agus a aghaidh ar an choire le sciatháin sínte go hard os cionn an chinn agus greim ar an tóirse;
  • tiontaigh agus tabhair céim i dtreo an choire;
  • tabhair áladh chun tosaigh agus tabhair an tóirse anuas chuig an choire agus na sciatháin sínte go fóill;
  • las an coire; agus
  • seas siar agus amharc ar lasadh na lasrach!

An Lasair
Iarr ar na páistí luí ar an urlár, congárach do bhaill a ngrúpa. Agus an t-iompróir tóirse ag tabhairt an tóirse anuas chuig an choire, ní mór do na páistí a shamhlú gurb iad an lasair ag fás. Mar shampla;

  • bain úsáid as sciatháin/lámha, gluaiseachtaí casta, tiontaithe, na lámha ag treorú na ngluaiseachtaí go hard sa spéir os cionn an choirp;
  • tosaigh a shuí aniar go mall, na lámha agus na sciatháin in airde go fóill agus gluaiseachtaí casta agus tiontaithe in úsáid;
  • seas suas go mall, úsáid gluaiseachtaí an choirp iomláin, ag tiontú agus ag suaitheadh ar an spota agus tú ag fás isteach i suíomh seasta;
  • déan na gluaiseachtaí seo isteach is amach ar a chéile, ag fanacht mar ghrúpa teann; agus
  • spreag athrú leibhéil, ag fás ó íseal go hard de réir mar a lastar an lasair.

A luaithe agus atá an lasair lasta, ba chóir don iompróir tóirse a aghaidh a thiontú leis an lucht féachána agus a fhógairt ‘TOSAíTEAR NA CLUICHí’.

Cuir na míreanna damhsa le chéile le damhsa iomlán amháin a dhéanamh bunaithe ar théama an Tóirse Oilimpigh.

STRUCHTÚR AN DAMHSA

Roinn 1: Lasadh na Lasrach

  • fás go mall agus sínigh chuig an ghrian leis an lasair a lasadh; agus
  • i ngrúpa, léiríonn na páistí an lasair a lastar.

Roinn 2: An tSealaíocht Tóirse

  • ina ngrúpaí, cuireann na páistí an lasair ó iompróir tóirse go hiompróir tóirse, gach páiste ag leanúint rian difriúil agus ag úsáid gluaiseacht taistil dhifriúil.

Roinn 3: Lasadh an Choire

  • ina ngrúpaí, lasann páiste amháin mar iompróir tóirse an coire, léiríonn na baill ghrúpa eile an lasair á lasadh.
  • fógraíonn an t-iompróir tóirse 'tosaítear na cluichí'.

Riachtanais

Páipéar Daite

Ceol fóirsteanach amhail 'Chariots of Fire' le Vangelis nó 'Rule the World' le Take That.

Tóirse na gCluichí Oilimpeachawww.olympic.org

Rith Tóirse na gCluichí Oilimpeachawww.rio2016.com

Lasadh an Tóirse: Londain 2012www.youtube.com

Tóirse a Dhéanamhwww.activityvillage.co.uk

An dóigh le Tóirse a Dhéanamhwww.youtube.com