Na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha

+ -
Spriocanna Foghlama

Déanfaidh páistí:

  • scileanna bainistithe eolais a fhorbairt trí thaighde a dhéanamh ar chúlra na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha;
  • eolas a chur ar réimse fíricí faoi na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha; agus
  • cur i láthair/gearrthóg éifeachtach faoi na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha a ullmhú.
+ -
Naisc Churaclaim

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint

An Domhan Thart Orainn
Ba chóir go gcumasóidh na múinteoirí na páistí le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt i:

  • an dóigh a n-idirghníomhaíonn siad féin agus daoine eile sa domhan; agus
  • dóigheanna a n-imríonn áiteanna tionchar ar nádúr na beatha.

Cumarsáid
Ba chóir go gcumasófaí páistí le:

  • labhairt go soiléir agus an dóigh a labhraíonn siad a chur in oiriúint don lucht éisteachta agus don ionad nó don chás;
  • eolas ó réimse foinsí a aimsiú, a roghnú agus a úsáid; agus
  • eolas, ciall, mothúcháin, samhluithe agus smaointe a chur in iúl ar dhóigh shoiléir eagraithe.

Úsáid TFC
Ba chóir go gcumasófaí páistí le:

  • eolas ó fhoinsí sábháilte agus iontaofa a aimsiú, a roghnú, a mhíniú agus a thaighde;
  • cumarsáid a dhéanamh go sábháilte agus go freagrach ag úsáid réimse modhanna digiteacha agus uirlísí comhaimseartha, ag malartú, ag roinnt agus ag comhoibriú agus ag forbairt smaointe go digiteach;
  • obair a phlé, a athbhreithniú agus a fheabhsú, i bhfianaise an phróisis agus an toraidh, agus a machnamh a dhéanamh ar na foinsí agus na háiseanna a úsáideadh, ag cur sábhailteachta, iontaofachta agus inghlacthachta san áireamh; agus
  • A n-obair taiscthe a bhainistiú agus a chur i láthair, agus a gcuid foghlama trasna an churraclaim a shárthaispeáint ag úsáid TFC go sábháilte agus go freagrach.

Bainistiú Faisnéise
Déanfaidh daltaí:

  • faisnéis a roghnú, a rangú, a chur i gcomparáid agus a mheas; agus
  • cumarsáid a dhéanamh a léiríonn ciall don lucht éisteachta agus don chuspóir.

Ag Obair le Daoine Eile
Déanfaidh páistí:

  • éisteacht go gníomhach agus barúlacha a roinnt, agus
  • freagracht phearsanta a ghlacadh ar obair le daoine eile agus a rannpháirtíocht féin sa ghrúpa a mheas.

Corpoideachas
Déanann na páistí naisc idir na gnéithe praiticiúla de na cláir lúthchleasaíochta, cluichí, aclaíochta agus snáimh atá mínithe níos doimhne sa rannán Corpoideachas san áis seo.

Gníomhaíocht

Cúlra

Cuir tús leis an topaic trí roinnt íomhánna ó Olympic.org a thaispeáint don rang ar chlár bán idirghníomhach (CBI) agus iad a phlé. Is féidir leat an gearrthóg físe ar Chluichí Oilimpeacha Bhéising, nó an físeán trí bhomaite faoi na Cluichí Parailimpeacha a úsáid le tús a chur leis an topaic.

Iarr ar na páistí, ina mbeirteanna nó grúpaí, na fíricí uilig atá ar eolas acu faoi na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha a scríobh síos. Roinneann gach beirt nó grúpa trí fhíric leis an rang. Breac a bhfreagraí sa rannán 'Ar Eolas' ar eangán ABC. Iarr orthu moltaí a dhéanamh don cholún 'Ba Mhian leo a bheith ar Eolas'.

Tuilleadh Eolais a Aimsiú

Tabhair ceann de na topaicí thíos do gach beirt nó grúpa le taighde a dhéanamh air (déan cinnte na ceisteanna ón cholún 'Ba Mhian leo a bheith ar Eolas' a chur leis an liosta). Is féidir leis na páistí an t-idirlíon, nuachtáin, leabhair agus eolas ó chairde nó ó theaghlaigh a úsáid le fáil amach faoin topaic s'acu. Moltar roinnt suíomhanna idirlín sa cholún 'Riachtanais' le cuidiú leo an taighde a dhéanamh.

Cluichí Oilimpeacha ársa

  • Cad iad na Cluichí Oilimpeacha ársa?
  • Cá háit ar imríodh na Cluichí Oilimpeacha ársa?
  • Cad iad na spóirt a imríodh sna Cluichí Oilimpeacha ársa?
  • Cad é an Sos Cogaidh Oilimpeach? An dtarlaíonn sé go fóill?
  • Cad chuige a mbíodh sos cogaidh ann?

Cúlra Chluichí Oilimpeacha na Linne Seo

  • Cé a bhunaigh Cluichí Oilimpeacha na linne seo?
  • Cad chuige a raibh sé ag iarraidh na Cluichí Oilimpeacha a athnuachan?
  • Cén uair agus cá háit ar imríodh Cluichí Oilimpeacha na Linne Seo den chéad uair?
  • Cá mhinice a imrítear na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha?

Imeachtaí sna Cluichí Oilimpeacha

  • Cá mhéad spórt a bheas i gCluichí Oilimpeacha 2016?
  • Cá mhéad tír a bheas páirteach i gCluichí Oilimpeacha 2016?
  • Cad é a tharlaíonn sa Searmanas Tosaithe?
  • Cad é a tharlaíonn sa Searmanas Críochnaithe?

Stair na gCluichí Parailimpeacha

  • Cé a d’eagraigh an chéad chomórtas spóirt do dhaoine faoi mhíchumas?
  • Cá háit agus cén uair a tharla an chéad chomórtas spóirt do dhaoine faoi mhíchumas?
  • Cad chuige ar eagraíodh na cluichí?

Imeachtaí sna Cluichí Parailimpeacha

  • Cá mhéad spórt a bheas i gCluichí Parailimpeacha 2016?
  • An bhfuil aon spóirt sna Cluichí Parailimpeacha nár chuala tú trácht orthu roimhe? Cuir síos ar na spóirt seo.
  • Cad é a tharlaíonn sa Searmanais Tosaithe agus sa Searmanas Críochnaithe?

Mionnaí agus Manaí

  • Cad é mana na gCluichí Oilimpeacha?
  • Cad é mana na gCluichí Parailimpeacha?
  • Cad é an mhionn Oilimpeach agus Parailimpeach?
  • Cé a thugann an mhionn agus cad chuige?

Tóirsí Oilimpeacha agus Parailimpeacha

  • Cá háit agus cén uair a lastar na Tóirsí Oilimpeacha agus Parailimpeacha?
  • Cad é Sealaíocht na dTóirsí Oilimpeacha agus Parailimpeacha?
  • Cén uair a dhéantar Sealaíocht An Tóirse Oilimpigh?
  • Cén uair a dhéantar Sealaíocht An Tóirse Pharailimpigh?

Cuidigh leis na daltai iontaofacht agus cruinneas na faisnéise a mheas. Ar aimsigh siad aon easaontacht faisnéise?

An Fhaisnéis a Chur i Láthair

Nuair a bhí deis ag na páistí an fhaisnéis a bhailiú agus a mheas, iarr ar na beirteanna nó grúpaí cur i láthair a dhéanamh le húsáid PowerPoint nó Movie Maker faoin topaic s'acu. Cruthaigh critéir ratha don chur i láthair, mar shampla, líon na sleamhnán agus líon na n-íomhánna.

Caithfidh gach beirt nó grúpa aontú ar láithreoir don chur i láthair. Ba cheart an script a ullmhú agus cleachtadh a dhéanamh roimh ré.

Is féidir na léirithe uilig a chur le chéile le cur i láthair amháin a úsáid i dtionól scoile faoi choinne Imeacht Scoile a bhaineann leis na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha.

Mionn Oilimpeach agus Pharailimpeach dár gCuid Féin

Achoimrigh an fhaisnéis a fuair na páistí amach faoin Mhionn Oilimpeach agus Pharailimpeach aguspléigh leis an rang na fáthanna a gcaithfidh na lúthchleasaithe gealladh cloí leis na rialacha. Mínigh do na páistí go mbeidh Imeacht Scoile acu a bhaineann leis na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha le Cluichí 2016 a cheiliúradh. Beidh searmanas tosaithe acu mar chuid de seo. Iarr ar na páistí mionn dá gcuid féin a chumadh do na rannpháirtithe ina n-imeacht scoile.

Riachtanais

Rochtain ar an idirlíon

Leabhair faoi Chluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha

Clár bán idirghníomhach

Stór Grianghrafwww.olympic.org

Béising 2008www.olympic.org

Físeáin 2016www.rio2016.com

Suíomhanna taighde:

Rio 2016www.rio2016.com

Na Cluichí Oilimpeachawww.olympic.org

Na Sean-Ghréagaighwww.bbc.co.uk

Get Setwww.getset.co.uk

Tuilleadh Eolais

Bainfidh mórán de na gníomhaíochtaí san Aonad Téamach tairbhe as plé breise le baill teaghlaigh agus le cairde mar ghníomhaíocht foghlama baile. Sula dtosaíonn na páistí, b'fhéidir go mbeadh sé úsáideach a chinntiú roimh ré go bhfuil tuismitheoirí eolach ar an topaic, ar na gníomhaíochtaí a mbaineann léi agus ar an dóigh arbh fhéidir leo cuidiú.

Tá tuilleadh gníomhartha agus eolais ar an topaic le fáil i ‘Teaching Values: an Olympics Education Toolkit