Ceadaigh am do na páistí le ceiliúradh agus machnamh a dhéanamh ar a ngnóthachtálacha le linn na topaice. Thiocfadh leo taispeántas a dhéanamh de ghrianghraif den Imeacht Oilimpeach agus Parailimpeach (cuireadh póstaer Tnúth, Dírigh, Bain Amach chuig an scoil chuige sin).
Thiocfadh leat imeacht bronnta duaiseanna a reáchtáil le linn tionóil speisialta. Tabharfaidh an t-imeacht seo aitheantas do na páistí a léirigh luachanna na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha (féach an roinn Cad Iad na Luachanna atá agat?). Iarr ar na páistí boinn nó teastais fhóirsteanach a dhearadh le bronnadh ar na buaiteoirí ag an imeacht seo. Iarr ar phatrún áitiúil spóirt na duaiseanna a bhronnadh.
Smaoinigh faoi poiblíocht a thabhairt do Chluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha do scoile trí:
Tá sé tábhachtach am a chaitheamh ag measúnú na himeachta leis na páistí. Pléigh na rudaí a thaitin go mór leo, fiafraigh díobh cad é ar éirigh go maith leis, ar bhain siad sult as a bheith ag obair mar fhoireann, agus cad é a d'athródh siad dá mbeadh sé le déanamh arís acu.
Mar an gcéanna leis na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha féin, tá sé ríthábhachtach tairbhe a bhaint as oidhreacht Imeacht Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha na scoile. Is féidir leis an díogras a gineadh sa scoil a bheith ina hollspreagadh do pháistí a bheith páirteach i réimse spórt taobh amuigh den scoil. Is féidir le buntáistí móra a bheith ann do na páistí i reimsi a bhaineann le sláinte phearsanta, le féinmheas agus féinmhuinín dhearfach agus le páirt a ghlacadh sa phobal.